Friday 25 April 2014

20 - Cad iad na cláir theilifíse is fearr leat?

** Fógra** Is é an bhlag seo mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe

Cad iad na cláir theilifíse is fearr leat? Sin ceist mhaith nach ea, go háirithe chun comhrá a tosú le duine nach bhfuil in aithne agat cheanna féin. Samhlaigh é seo, i dteach tábhairne atá tú agus i measc dream eile atá ag cleachtadh a gcuid Gaeilge, agus chuile duine ag féachaint ar an urlár ag iarraidh rud éigin a phlé, casann an duine in aice leat i do threo agus deir siad... cad iad na cláir theilifíse is fearr leat? Dá mbeadh liomsa a bheith ann, bheadh cúpla ceann agam le phlé.









Anois, nuair atáim ag smaoineamh faoi, is cláir greannmhar iad, cuid mhór de na cinn is fearr liom. An chéad cheann a thagann dom ná 'Father Ted', tá sé deacair creidiúint anois gur chríochnaigh sé sa bhliain 1998! An dtig leat é sin a chreidiúint? Agus muid fós i gcónaí ag baint úsáid an sliochtanna iontach as an gclár... bí cúramach anois! Maidir leis an clár greannmhar atáim ag breathnú ar faoi láthair, is é 'Modern Family' an cheann is fearr liom. Thosaigh mé ag breathnú air cúpla mí ó shin mar timpiste agus mé ag obair ar mo ríomhaire glúine ar an tolg, thug mé faoi deara th'éis leath uair gurbh obair ar bith déanta agam agus mé ag maolgháire dom féin. Ó shin, nuair a bhíonn an t-am agam, bhíonn mé i gcónaí ag maolgháire air fós!





Seachas na cinn úd, tá cúpla cuid eile a bhreathnaím ar ó am go h-am. Breathnaím ar CSI anois is arís, mar tá suim ar ag mo chailín, mar sin bíonn sé ar siúl. Bhíos ag féachaint ar 'Hannibal' le linn sraith a haon agus ba aoibhinn liom é, ach chaill mé an chuid is mó de na eachtraí i sraith a dó, anois agus mé ag caint faoi, níl fhios agam má tá sé ar fáil in Éirinn fós?

Thaitin a lán sraitheanna eile go mór dom, na cinn atá ar fáil ar Netflix agus bhí léirmheasanna scríofa agam fúthu


Ba chóir dom a rá - is foghlaimeoir mé agus i gcónaí ag lorg cuidiú agus comhrá. Bíonn mé ag cleachtadh ar Twitter gach lá... lean @tweet_to_pete más maith leat

No comments:

Post a Comment