Friday 30 May 2014

24 Sinn Féin - Gaeilge chun cinn?

Muna raibh tú ag cur fúthu faoi clocha le déanaí, bheadh fhios agat faoi na toghcháin a bhí ar siúl i ngach cúinne den Tír le déanaí. Ó Chorcaigh go mBaile Átha Cliath agus ó Dhoire go mBéal Feirste, bhí cinntí déanta maidir leis na polaiteoirí sna toghcháin áitiúil agus Eorpa. Tá fhios agam go bhfuil cuid agaibh ag éirí bréan de agus tá anailís den scoth ar fáil in áiteanna eile, ach bhíos ag smaoineamh thar na laethanta i dtaobh an tionchar a bheadh indéanta ar an Ghaeilge.

Tá fhios ag an domhan agus a máthair faoin clár poblachta ag Sinn Féin agus sin comhrá eile go gcinnte. Ach, dealraíonn sé go bhfuil an pháirtí taobh thiar den Ghaeilge níos mó ná aon páirtí eile sa Tír. Roimh a thosaigh na teachtaireachtaí ag gearráin agus ag rá go bhfuil polaiteoirí eile amuigh ansin ag tabhairt a dtaca don teanga, tá fhios agam fá dtaobh de, ach táim ag caint faoin páirtí mar iomlán. Le linn an toghchán agus i rith na blianta, tá an taca sin le feiceáil. Mar shampla ar na fógraí toghcháin, bhain an chuid is mó de na polaiteoirí úsáid as Gaeilge, fiú go raibh sé 'vótáil' in áit vote. Tá níos mó Gaeilgeoirí ag obair le Sinn Féin ná páirtí ar bith eile, bhuel sin mar a dealraíonn sé ar aon nós, tá siad lánsásta a gcuid Gaeilge a úsáid agus tá siad bródúil as an teanga. Ina theannta sin, má feiceann tú a bpróifíl ar Twitter nó áiteanna eile sna meán sosialta, tá roinnt mhór Gaeilge le feiceáil ansin comh maith. Ach an rud is soiléir agus is tábhachtaí maidir leis an fheiceálacht den Gaeilge is é an méid óráidí a dhéanann Gerry Adams. Chuile uair a bhíonn sé ag caint ar an teilifís, ar Twitter agus sa Dáil, bíonn cuid Gaeilge ann.

Leis sin ráite, agus le súil amháin ar na torthaí den toghcháin, caithfidh tú iontas beag a dhéanamh faoin todhchaí den Gaeilge sa páirtí. Anois, agus go leor suíocháin acu sna Comhairle Contae agus sa Eorpa, céard a tharlóidh don misean chun an Gaeilge chur chun cinn? Tá dúshlán mór acu anois mar tá siad níos mó ná poblachtaí cosmhuintire agus is dócha nach bhfuil suim i nGaeilge ag chuile duine atá taobh thiar den pháirtí anois. B'fhéidir go bhfuil sé sin ceann de na 'línte dearg' a raibh siad ag caint faoi. An bhfuil siad láidir go leor ar taobh an teanga chun í a thabhairt chun cinn leis an rath atá baint amach ag an pháirtí le déanaí. Beidh le feiceáil ach tá súil agam go mbeidh.

Ba chóir dom a rá - is foghlaimeoir mé agus i gcónaí ag lorg cuidiú agus comhrá. Bíonn mé ag cleachtadh ar Twitter gach lá... lean @tweet_to_pete más maith leat

Saturday 24 May 2014

23 - Ciorcal Comhrá


Beagnach bliain ó shin thosaigh mé ag dul go dtí ciorcal comhrá i Sord i dtuaisceart Átha Cliath, ag an am, níorbh mórán Gaeilge agam (cé nach bhfuil sí ag pléascadh as mo bhéal anois ach an oiread!) agus mar sin, bhí faitíos orm chun labhair amach í os ard. Bhí cúpla leabhar léite agam, cúpla tweets seolta agam agus dhá bhliain sa meán rang curtha i gcrích. Comh maith leis sin bhí dhá thuras go dtí Oideas Gael curtha in áirithe, mar sin shíl mé liom féin go raibh sé in am dul amach agus í ag cleachtadh.

Ní chuimhin liom anois cá aimsigh an uimhir mé, ach aimsigh mé í ar aon nós agus chur mé glaoch ar an eagraitheoir. Is cuimhin liom go soiléir é, mise ag coisíocht suas agus síos an chistin agus an guthán ag ceolánach, ag smaoineamh chun an rud ceart a rá agus ag déanamh iontas cén saghas comhra a bheidh ann. Níorbh gá eagla orm maidir leis an comhrá, bhí an eagraitheoir an-cairdiúil agus an-spreagúil agus dúirt sé liom "ná bí buartha, tar anseo go dtí an teach tábhairne, beidh fáilte mhór romhat".

An chéad Céadaoin seo chugainn, chuaigh mé ann agus ba é seo an chéad rud a chonaic mé


Tús maith, mar a déarfá. An oíche sin, níorbh ach mise agus dhá fhear eile ann, bhíos an-sásta leis sin toisc go raibh sé i bhfad níos éasca ná seomra plódaithe le daoine. Le bheith ionraic, bhí sé deacair ag tús an oíche chun chuir focal amháin tar éis focal eile agus ar feadh tamall mhothaigh mé go raibh mé i dtír eile agus na leaideanna ag caint sínis! Ach de réir a chéile (mo bhuíochas do na phiontaí Guinness), ghlac mé mo shuaimhneas agus thosaigh na focail ag sní. Bhí an oíche neamh-foirmiúil go hiomlán agus chas an comhrá ó spóirt go bpolaitíocht agus chláir teilifís. Thug muid neamhaird don foclóir agus rialacha gramadach agus ba ea comhrá agus spraoi na rudaí is tábhachtaí san oíche sin.

Thar na seachtaine, chuaigh mé ar ais arís is arís agus chuir mé in aithne go han-mhaith ar cúpla de na daoine. Téim comh minic agus is féidir liom agus anois tá sé cosúil le dul go dtí an teach tábhairne le cúpla de mo chairde. Mar foghlaimeoir, mholfainn go hiomlán dul i mbainteach le ciorcal comhrá má tá seans ar bith agat. Cé nach mbaineann muid aon úsáid as foclóir nó rudaí mar sin, foghlaimím a lán rud. Ar an gcéad dul síos, cuireann sé feabhas ar mo chumas comhrá, caint agus éisteacht. An dara rud, má d'fhoghlaim mé aon rud nua i rith na seachtaine, táim in ann é a chleachtadh agus caithfidh mé a rá arís, táim in ann é a chleachtadh gan aon bhrú nó strus. Ach is aoibhinn liom an féinmhuinín a fhaighim as mo chuid Gaeilge a chleachtadh amach san pobal, sin an rud is tábhachtaí domsa.

Ba chóir dom a rá - is foghlaimeoir mé agus i gcónaí ag lorg cuidiú agus comhrá. Bíonn mé ag cleachtadh ar Twitter gach lá... lean @tweet_to_pete más maith leat

Saturday 10 May 2014

22 - inFAMOUS: Second Son Léirmheas

Sa bhlagmhír roimhe seo, scríobh mé léirmheas den PS4 agus dúirt mé ag an am gur dhéanfainn an rud céanna le inFAMOUS: Second Son a luath is a chríochnaigh mé é. Bhuel, tá sé críochnaithe agam anois agus mar sin, tá sé in am léirmheas beag a scríobh ina thaobh.


Is é an cluiche ríomhaire seo an triúir cheann sna sraith 'inFAMOUS', bhí dhá ceann ar an PS3 comh maith. Chun struchtúr maith a chuir ar an léirmheas, scríobhfaidh mé mo thuairimse faoi trí cheannteideal: scéal, imeartha agus cur i láthair.

Scéal:

An chéad rud ba chóir dom a rá ná, is cuma muna d'imir tú an chéad cluiche, nó ceachtar de na cluichí roimhe seo. In ndáiríre agus sin ráite, ní cuimhin liom céard a tharla sna cluichí sin. Scéal fíor-coitianta atá i gceist anseo. Buachaill ó baile beag ag déanamh a ghnó dó féin agus gan rabhadh tharraingt isteach go scéal ollmhór. Roimh fhad, tá tú bainteach i gcogadh mór idir na 'Conduits' agus DUP (bhain mé an-spraoi as an t-ainm seo).


I rith an scéal casann tú le cúpla 'conduits' eile agus cloiseann tú a gcuid stair agus an bealach a fhuair siad a gcumhachtaí faoi leith. Tá cúpla de na startha sách suimiúil ach arís, i gceann cúpla seachtaine, beidh siad dearmadta agat gan amhras. Oibríonn siad lena gcéile chun an DUP a stopadh agus tá an fheachtais briste suas i bpíosaí beag. Chun dul i ngleic leis an fheachtais, troideann tú trí go leor criosanna, nó páirteanna den cathair. Gach cúpla criosanna, tá saoiste ollmhór chun mharú agat, agus tá siad sin na buaicphointí den scéal agus den cluiche. Cé go bhfuil gnáth-scéal ann, tá sé rud beag suimiúil ag an am céanna toisc go bhfuil cúpla corr nach bhfeice tú ag teacht.

Imeartha


Lig dúinn bheith ionraic linn féin, nuair a cheannaíonn tú cluiche ríomhaire cosúil le INfamous: Second son, níl tú ag dúil dráma agus mothúchán, tá gníomh agus corraitheach uait. Leis sin ráite, ní bheidh díomá ort má ceannóidh tú an cluiche seo. Tá imeartha den chéad scoth sa cluiche, tá sé éasca, nádúrtha agus taitneamhach chun do charachtar a bhog timpeall an domhan, cuireann sé meascán idir 'Grand Theft Auto' agus 'Crackdown' i gcuimhne dom. Bainfidh tú a lán spraoi as na cumhachtaí a gheobhaidh tú i rith an cluiche ach dá mbeadh gearán amháin agam bheadh sé gur thosaigh na cumhachtaí ag mothú mar an gcéanna th'éis na chéad chúpla cinn.


Cé go bhfuil an imeartha den scoth, tá sé den scoth amháin nuair atá rudaí suimiúil le déanamh agus seo é an fadhb eile leis an cluiche seo. Tá cuid is mó de na príomh-tascanna an-mhaith ach, i mo thuairim umhal, tá an iomarca tascanna leadránach ann freisin. Lig dom sampla a thabhairt duit... i ngach crios caithfidh tú rudaí cosúil le 'gabh an fear seo' nó 'aimsigh an rud sin' agus cé go bhfuil siad suimiúil an chéad am, éiríonn siad leadránach th'éis and tríú nó an ceathrú am.

Grafaicí
Is é sin an rud, gan amhras ar bith, a tabharfaidh tú faoi deara a luath is a cuirfidh tú an cluiche ar súil. Tá na grafaicí ar fheabhas ar fad, i bhfad níos fearr ná aon rud atá feicthe agam ar an PS3 nó an Xbox 360 riamh... tá sé deacair mo mhéar a chuir air go díreach (i mBéarla, gan trácht trí nGaeilge!), ach tá an phictiúr an-soiléir, an-mion agus breathnaigh siad cosúil le físeáin ó am go h-am.


Cé nach bhfuil sé an cluiche is fearr a d'imir mé riamh, is fiú an t-airgead é, go háirithe mar gheall ar an easpa cluichí atá ar fáil ar an PS4 anois.

Scór 8/10

Ba chóir dom a rá - is foghlaimeoir mé agus i gcónaí ag lorg cuidiú agus comhrá. Bíonn mé ag cleachtadh ar Twitter gach lá... lean @tweet_to_pete más maith leat

Saturday 3 May 2014

21 - léirmheas den PS4

 Is é an PS4 an consól is déanaí ó Sony. Bhí sé seolta díreach roimh an Nollaig sa bhliain 2013 agus bhí sé ag éirí go maith go dtí seo.









Bhíos idir dhá comhairle idir an PS4 agus an Xbox One agus mar sin, d'fhan mé le tamall chun cinneadh a dhéanamh eatarthu. Théis cúpla léirmheas, cinn mé ar an PS4 agus cheannaigh mé ceann an tseachtain seo caite. Cheannaigh mé  burla leis an consól, rialaitheoir agus an cluiche ríomhaire 'INfamous: Second Son'. Beidh na ailt seo faoin consól, an idirbhealach agus rudaí mar sin. Beidh léirmheas eile ag teacht maidir leis an cluiche toisc nach bhfuil sé críochnaithe agam fós.

An t-aon rud a thug mé faoi deara ba ea cé comh beag is atá an consól, nuair a thóg amach as an bosca é. Tá sé beag, éadrom agus scafánta. Ní amháin níos beaga ná an Xbox One atá sé, ach tá sé i bhfad níos beaga ná an Xbox 360 agus an PS3 comh maith, sin dochreidte nuair a dhéanann tú machnamh an méid teicneolaíocht atá ann.



Tagann rialaitheoir nua le chéile leis an consól, an Dualshock 4. I dtús báire, níorbh mé cinnte maidir leis é, mar b'fhearr liom an rialaitheoir ón xbox 360 sna ghlúin roimhe sin. Ach anois, théis cúpla seachtaine leis é, caithfidh mé a rá go bhfuil mé an-tógtha. Rinne siad a lán athraithe agus is é mo bharúil go bhfuil an chuid is mó dóibh an-mhaith. Tá an rialaitheoir níos troime agus tá cuma i bhfad níos scafánta i do lámh aige. Tá na luamháin stiúrtha beagáinín níos mó agus arís tá cuma níos scafánta agus níos compordach acu. Rinne siad athraithe beaga do na cnapaí agus an 'd-pad' ach b'fhéidir nach tabharfaidh iad faoi deara tú. I dteannta do na athraithe seo, tá cúpla cinn eile ollmhór. Is iad na cnapaí 'roinnt' agus 'roghanna' na chéad cinn. Níl 'roghanna' ach ainm nua le haghaidh 'tosaigh' a bhí ar an dualshock 3. Ach déanann 'roinnt' cúpla cleasa nua. Cé go bhfuil tú ag baint úsáid as an consól... ag imirt cluichí, nó ag breathnú timpeall an idirbhealach, bíonn an consól ag taifead i gcónaí agus nuair a brúnn an cnapa 'roinnt' thú, bíonn tú in ann físeáin agus pictiúr a roinnt le do chairde ar Twitter nó Facebook. Tréith an-suimiúil atá ann i mo thuairim. Comh maith leis seo, tá ceap tadhaill agus braiteoir gluaisne ar an rialaitheoir ach go dtí seo, tá seans ar bith agam iad a úsáid.

Sin an rialaitheoir, ach céard faoin idirbhealach agus an bhogearra? Bhuel nuair a chas mé an consól, chuir idirbhealach, glan, tapa agus saghas bunúsach fáilte romham. Má tá tú ag iarraidh idirbhealach todhchaíoch, beidh díomá ort go deimhin, ach tá sách rudaí nua ann chun mé féin a choinnigh sásta, go háirithe má tá cúntas PSN+ agat.






I dteannta leis na rudaí praiticiúil, mar shampla socruithe, cairde ar líne agus an siopa PSN, tá aipeanna ceol, fís, eagarthóir físeanna ann.  Mar ceol, tá an aip 'Music Unlimited' ann agus toisc go bhfuil cuntas agam, tá sé sin go han-mhaith, bíonn mé in ann go leor leor ceol a aimsiú agus is deas é sin agus mé ag déanamh rudaí eile timpeall an tí. Mar físeán, tá dhá aipeanna ann, Netflix agus aip eile 'Vidzone' an t-ainm atá air. Bhí an-iontas orm maidir leis an aip seo, níorbh mé ag dúil aon rud speisialta as, ach tá sé ar fheabhas ar fad. Tá slám físeanna ceol ann ó ngach glúine ó na 70's go dtí an lá atá inniu ann. Bheadh sé seo go han-mhaith dá mbeadh cóisir ar siúl i do theach féin, nó go bhfuil fonn ort sean-fhíseán a bhreathnú fiú... mar a dhearna mé an tseachtain seo caite.

An rud is nua, nua-aimsir, níos teicniúil mar a déarfá, is é an aip eagarthóir físeán. Cé nach bhfuil suim mhór agam rudaí mar sin a dhéanamh, tá eagarthóir an-éasca agus an-cumhachtach ar bharra a méar agat. Mar a dúirt mé níos luaithe, tá an consól ag taifead gach rud agus á dhéanamh agat é. Leis an aip seo, tá tú in ann do chuid físeanna féin a dhéanamh. Trí idirbhealach an-shimplí tá tú in ann na mhíreanna fís a chuir le chéile agus ceol a chuir ann comh maith. Níl an toradh an-gairmiúil ach tá sé i bhfad níos fearr na aon rud a raibh ar fáil roimhe seo.

Caithfidh mé a rá go bhfuilim an-sásta leis an PS4 go dtí seo agus tá a lán cluichí agus aipeanna nua ag teacht go luath.

Scór - 9/10

Ba chóir dom a rá - is foghlaimeoir mé agus i gcónaí ag lorg cuidiú agus comhrá. Bíonn mé ag cleachtadh ar Twitter gach lá... lean @tweet_to_pete más maith leat

Friday 25 April 2014

20 - Cad iad na cláir theilifíse is fearr leat?

** Fógra** Is é an bhlag seo mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe

Cad iad na cláir theilifíse is fearr leat? Sin ceist mhaith nach ea, go háirithe chun comhrá a tosú le duine nach bhfuil in aithne agat cheanna féin. Samhlaigh é seo, i dteach tábhairne atá tú agus i measc dream eile atá ag cleachtadh a gcuid Gaeilge, agus chuile duine ag féachaint ar an urlár ag iarraidh rud éigin a phlé, casann an duine in aice leat i do threo agus deir siad... cad iad na cláir theilifíse is fearr leat? Dá mbeadh liomsa a bheith ann, bheadh cúpla ceann agam le phlé.









Anois, nuair atáim ag smaoineamh faoi, is cláir greannmhar iad, cuid mhór de na cinn is fearr liom. An chéad cheann a thagann dom ná 'Father Ted', tá sé deacair creidiúint anois gur chríochnaigh sé sa bhliain 1998! An dtig leat é sin a chreidiúint? Agus muid fós i gcónaí ag baint úsáid an sliochtanna iontach as an gclár... bí cúramach anois! Maidir leis an clár greannmhar atáim ag breathnú ar faoi láthair, is é 'Modern Family' an cheann is fearr liom. Thosaigh mé ag breathnú air cúpla mí ó shin mar timpiste agus mé ag obair ar mo ríomhaire glúine ar an tolg, thug mé faoi deara th'éis leath uair gurbh obair ar bith déanta agam agus mé ag maolgháire dom féin. Ó shin, nuair a bhíonn an t-am agam, bhíonn mé i gcónaí ag maolgháire air fós!





Seachas na cinn úd, tá cúpla cuid eile a bhreathnaím ar ó am go h-am. Breathnaím ar CSI anois is arís, mar tá suim ar ag mo chailín, mar sin bíonn sé ar siúl. Bhíos ag féachaint ar 'Hannibal' le linn sraith a haon agus ba aoibhinn liom é, ach chaill mé an chuid is mó de na eachtraí i sraith a dó, anois agus mé ag caint faoi, níl fhios agam má tá sé ar fáil in Éirinn fós?

Thaitin a lán sraitheanna eile go mór dom, na cinn atá ar fáil ar Netflix agus bhí léirmheasanna scríofa agam fúthu


Ba chóir dom a rá - is foghlaimeoir mé agus i gcónaí ag lorg cuidiú agus comhrá. Bíonn mé ag cleachtadh ar Twitter gach lá... lean @tweet_to_pete más maith leat

Wednesday 16 April 2014

19 - Tá Jesus agus Billy ag imeacht go Barcelona

** Fógra** Is é an bhlag seo mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe

Tá sé in am léirmheas leabhar eile a scríobh, mar níl ceann déanta agam ar feadh tamall. Chríochnaigh mé an leabhar "Tá Jesus agus Billy ag Imeacht go Barcelona" cúpla oíche ó shin, agus faraor, caithfidh mé ar nach raibh leabhar an-suimiúil i gceist.

Tá scéal an-shimplí ann, cúpla clann Éireannach ag glacadh páirt i gclár malairte idir Éire agus an Spáinne. Thosaigh an scéal go maith ag déan cur síos ar na dhá teaghlach Éireannach i gceist sa scéal. Rinne an t-údar cur síos sách greannmhar ar na carachtair, go háirithe cailín amháin agus na deacrachtaí a bhí aici ag tús an scéal. Bhí an chéad chúpla caibidil go maith freisin, bhí meascán ag an aerfort leis na daltaí ó Barcelona agus chuaigh an bheirt 'Jesus' abhaile leis an gclann mícheart.

Le bheith ionraic, is é sin deireadh an dea-scéal maidir leis an léirmheas seo... Th'éis cúpla caibidil, trí nó ceathair b'fhéidir, tháinig cuma fíor-leadránach ar an scéal. Le haghaidh cuid mhór eile den leabhar, níl iontas nó chasadh ar bith. Buíochas le Dia, tá na chaibidlí deiridh níos suimiúil, is mór an trua nach thosaigh siad níos luaithe, ach ag an am céanna, sábháil siad an leabhar ó tubaiste.

Scór - 5/10

Ba chóir dom a rá - is foghlaimeoir mé agus i gcónaí ag lorg cuidiú agus comhrá. Bíonn mé ag cleachtadh ar Twitter gach lá... lean @tweet_to_pete más maith leat

Friday 11 April 2014

18 - Cé a spreagann tú?

** Fógra** Is é an bhlag seo mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe

De réir mar is soiléir anois, is é an bhlag seo áit chun mo chuid Gaeilge a cleachtadh agus a feabhsú agus mar sin bíonn mé i gcónaí ag lorg ábhair le haghaidh blagmhír a scríobh fúthu.... uaireanta, toisc go bhfuil saol leadránach agam ó am go h-am, níl aon ábhar agam. Mar sin, cinn mé ar phlean nua inniu. Cúpla seachtain ó shin thug mo chara cártaí ó www.clevermindtoys.com dom, cártaí speisialta is ea iad, chun comhráite a dhéanamh trí nGaeilge, mar sin, muna mbíonn ábhar agam, tosóidh mé ag plé faoin t-ábhar ar an cárta....

"Cé a spreagann tú?" is é an t-ábhar ar an chéad cárta a phioc mé as an paicéad.... mar sin, déanfaidh mé cuir síos faoi na daoine a spreagann mé. Dá mbeadh fonn ort na ábhair a plé liomsa, chuir do chuid tráchta ar an leathanach seo!

Is dócha go bhfuil an frása "cé a spreagann tú?" deacair a freagairt le duine amháin agus mar sin déanfaidh caimiléireacht  beag mé agus déanfaidh mé cuir síos cúpla daoine.

I dtosach báire caithfidh mé a rá go bhfuil mo mháthair an duine a spreagann mé is mó, ach níl a bhlag seo an áit chun é sin a phlé, mar sin tosóidh mé le duine eile... hhmmmm

Sa spóirt, is maith liom carachtair a chuireann a gcorp ar an líne don foireann mar shampla, Brian O'Driscoll, Paul O'Connell, chuile iománaithe agus imreoirí peil riamh, agus cúpla daoine sacar mar shampla Paul McGrath, Damien Duff, agus Steve Staunton. Ní maith liom an droch-dhearcadh atá ag an chuid is mó de na imreoir sacar sa premiership agus iad ag caoineadh ar an talamh th'éis cic amháin.... na bí tiubh, éirigh as an talamh agus dún do chlab.

Sa polaitíocht, is maith liom daoine nach cuireann an acu féin roimh a luachanna, agus nach bhfuil níos mó suim acu in airgead ná daoine ná Tír. Mar sin spreagann Micheal D mé, agus go háirithe le déanaí Martin McGuinnes agus an méid misneach a thaispeáint aige dul go dtí Westminster srl.

Sa saol níos coitinne, tá a lán meas agam ar daoine a chuir súil amháin ar na rialacha agus súil eile conas iad a bhriseadh :) mar sin, caithim a lán am ag breathnú ar físeáin ar TED (www.ted.com) agus ag déanamh machnamh faoi na smaointe a bhíonn ag na daoine ansin.

Caidé bhur bharúil maidir leis an cheist seo? Cé a spreagann tusa? Cén fáth? Fág teachtaireacht ar an leathanach seo más mian leat...

Ba chóir dom a rá - is foghlaimeoir mé agus i gcónaí ag lorg cuidiú agus comhrá. Bíonn mé ag cleachtadh ar Twitter gach lá... lean @tweet_to_pete más maith leat