Friday 30 May 2014

24 Sinn Féin - Gaeilge chun cinn?

Muna raibh tú ag cur fúthu faoi clocha le déanaí, bheadh fhios agat faoi na toghcháin a bhí ar siúl i ngach cúinne den Tír le déanaí. Ó Chorcaigh go mBaile Átha Cliath agus ó Dhoire go mBéal Feirste, bhí cinntí déanta maidir leis na polaiteoirí sna toghcháin áitiúil agus Eorpa. Tá fhios agam go bhfuil cuid agaibh ag éirí bréan de agus tá anailís den scoth ar fáil in áiteanna eile, ach bhíos ag smaoineamh thar na laethanta i dtaobh an tionchar a bheadh indéanta ar an Ghaeilge.

Tá fhios ag an domhan agus a máthair faoin clár poblachta ag Sinn Féin agus sin comhrá eile go gcinnte. Ach, dealraíonn sé go bhfuil an pháirtí taobh thiar den Ghaeilge níos mó ná aon páirtí eile sa Tír. Roimh a thosaigh na teachtaireachtaí ag gearráin agus ag rá go bhfuil polaiteoirí eile amuigh ansin ag tabhairt a dtaca don teanga, tá fhios agam fá dtaobh de, ach táim ag caint faoin páirtí mar iomlán. Le linn an toghchán agus i rith na blianta, tá an taca sin le feiceáil. Mar shampla ar na fógraí toghcháin, bhain an chuid is mó de na polaiteoirí úsáid as Gaeilge, fiú go raibh sé 'vótáil' in áit vote. Tá níos mó Gaeilgeoirí ag obair le Sinn Féin ná páirtí ar bith eile, bhuel sin mar a dealraíonn sé ar aon nós, tá siad lánsásta a gcuid Gaeilge a úsáid agus tá siad bródúil as an teanga. Ina theannta sin, má feiceann tú a bpróifíl ar Twitter nó áiteanna eile sna meán sosialta, tá roinnt mhór Gaeilge le feiceáil ansin comh maith. Ach an rud is soiléir agus is tábhachtaí maidir leis an fheiceálacht den Gaeilge is é an méid óráidí a dhéanann Gerry Adams. Chuile uair a bhíonn sé ag caint ar an teilifís, ar Twitter agus sa Dáil, bíonn cuid Gaeilge ann.

Leis sin ráite, agus le súil amháin ar na torthaí den toghcháin, caithfidh tú iontas beag a dhéanamh faoin todhchaí den Gaeilge sa páirtí. Anois, agus go leor suíocháin acu sna Comhairle Contae agus sa Eorpa, céard a tharlóidh don misean chun an Gaeilge chur chun cinn? Tá dúshlán mór acu anois mar tá siad níos mó ná poblachtaí cosmhuintire agus is dócha nach bhfuil suim i nGaeilge ag chuile duine atá taobh thiar den pháirtí anois. B'fhéidir go bhfuil sé sin ceann de na 'línte dearg' a raibh siad ag caint faoi. An bhfuil siad láidir go leor ar taobh an teanga chun í a thabhairt chun cinn leis an rath atá baint amach ag an pháirtí le déanaí. Beidh le feiceáil ach tá súil agam go mbeidh.

Ba chóir dom a rá - is foghlaimeoir mé agus i gcónaí ag lorg cuidiú agus comhrá. Bíonn mé ag cleachtadh ar Twitter gach lá... lean @tweet_to_pete más maith leat

Saturday 24 May 2014

23 - Ciorcal Comhrá


Beagnach bliain ó shin thosaigh mé ag dul go dtí ciorcal comhrá i Sord i dtuaisceart Átha Cliath, ag an am, níorbh mórán Gaeilge agam (cé nach bhfuil sí ag pléascadh as mo bhéal anois ach an oiread!) agus mar sin, bhí faitíos orm chun labhair amach í os ard. Bhí cúpla leabhar léite agam, cúpla tweets seolta agam agus dhá bhliain sa meán rang curtha i gcrích. Comh maith leis sin bhí dhá thuras go dtí Oideas Gael curtha in áirithe, mar sin shíl mé liom féin go raibh sé in am dul amach agus í ag cleachtadh.

Ní chuimhin liom anois cá aimsigh an uimhir mé, ach aimsigh mé í ar aon nós agus chur mé glaoch ar an eagraitheoir. Is cuimhin liom go soiléir é, mise ag coisíocht suas agus síos an chistin agus an guthán ag ceolánach, ag smaoineamh chun an rud ceart a rá agus ag déanamh iontas cén saghas comhra a bheidh ann. Níorbh gá eagla orm maidir leis an comhrá, bhí an eagraitheoir an-cairdiúil agus an-spreagúil agus dúirt sé liom "ná bí buartha, tar anseo go dtí an teach tábhairne, beidh fáilte mhór romhat".

An chéad Céadaoin seo chugainn, chuaigh mé ann agus ba é seo an chéad rud a chonaic mé


Tús maith, mar a déarfá. An oíche sin, níorbh ach mise agus dhá fhear eile ann, bhíos an-sásta leis sin toisc go raibh sé i bhfad níos éasca ná seomra plódaithe le daoine. Le bheith ionraic, bhí sé deacair ag tús an oíche chun chuir focal amháin tar éis focal eile agus ar feadh tamall mhothaigh mé go raibh mé i dtír eile agus na leaideanna ag caint sínis! Ach de réir a chéile (mo bhuíochas do na phiontaí Guinness), ghlac mé mo shuaimhneas agus thosaigh na focail ag sní. Bhí an oíche neamh-foirmiúil go hiomlán agus chas an comhrá ó spóirt go bpolaitíocht agus chláir teilifís. Thug muid neamhaird don foclóir agus rialacha gramadach agus ba ea comhrá agus spraoi na rudaí is tábhachtaí san oíche sin.

Thar na seachtaine, chuaigh mé ar ais arís is arís agus chuir mé in aithne go han-mhaith ar cúpla de na daoine. Téim comh minic agus is féidir liom agus anois tá sé cosúil le dul go dtí an teach tábhairne le cúpla de mo chairde. Mar foghlaimeoir, mholfainn go hiomlán dul i mbainteach le ciorcal comhrá má tá seans ar bith agat. Cé nach mbaineann muid aon úsáid as foclóir nó rudaí mar sin, foghlaimím a lán rud. Ar an gcéad dul síos, cuireann sé feabhas ar mo chumas comhrá, caint agus éisteacht. An dara rud, má d'fhoghlaim mé aon rud nua i rith na seachtaine, táim in ann é a chleachtadh agus caithfidh mé a rá arís, táim in ann é a chleachtadh gan aon bhrú nó strus. Ach is aoibhinn liom an féinmhuinín a fhaighim as mo chuid Gaeilge a chleachtadh amach san pobal, sin an rud is tábhachtaí domsa.

Ba chóir dom a rá - is foghlaimeoir mé agus i gcónaí ag lorg cuidiú agus comhrá. Bíonn mé ag cleachtadh ar Twitter gach lá... lean @tweet_to_pete más maith leat

Saturday 10 May 2014

22 - inFAMOUS: Second Son Léirmheas

Sa bhlagmhír roimhe seo, scríobh mé léirmheas den PS4 agus dúirt mé ag an am gur dhéanfainn an rud céanna le inFAMOUS: Second Son a luath is a chríochnaigh mé é. Bhuel, tá sé críochnaithe agam anois agus mar sin, tá sé in am léirmheas beag a scríobh ina thaobh.


Is é an cluiche ríomhaire seo an triúir cheann sna sraith 'inFAMOUS', bhí dhá ceann ar an PS3 comh maith. Chun struchtúr maith a chuir ar an léirmheas, scríobhfaidh mé mo thuairimse faoi trí cheannteideal: scéal, imeartha agus cur i láthair.

Scéal:

An chéad rud ba chóir dom a rá ná, is cuma muna d'imir tú an chéad cluiche, nó ceachtar de na cluichí roimhe seo. In ndáiríre agus sin ráite, ní cuimhin liom céard a tharla sna cluichí sin. Scéal fíor-coitianta atá i gceist anseo. Buachaill ó baile beag ag déanamh a ghnó dó féin agus gan rabhadh tharraingt isteach go scéal ollmhór. Roimh fhad, tá tú bainteach i gcogadh mór idir na 'Conduits' agus DUP (bhain mé an-spraoi as an t-ainm seo).


I rith an scéal casann tú le cúpla 'conduits' eile agus cloiseann tú a gcuid stair agus an bealach a fhuair siad a gcumhachtaí faoi leith. Tá cúpla de na startha sách suimiúil ach arís, i gceann cúpla seachtaine, beidh siad dearmadta agat gan amhras. Oibríonn siad lena gcéile chun an DUP a stopadh agus tá an fheachtais briste suas i bpíosaí beag. Chun dul i ngleic leis an fheachtais, troideann tú trí go leor criosanna, nó páirteanna den cathair. Gach cúpla criosanna, tá saoiste ollmhór chun mharú agat, agus tá siad sin na buaicphointí den scéal agus den cluiche. Cé go bhfuil gnáth-scéal ann, tá sé rud beag suimiúil ag an am céanna toisc go bhfuil cúpla corr nach bhfeice tú ag teacht.

Imeartha


Lig dúinn bheith ionraic linn féin, nuair a cheannaíonn tú cluiche ríomhaire cosúil le INfamous: Second son, níl tú ag dúil dráma agus mothúchán, tá gníomh agus corraitheach uait. Leis sin ráite, ní bheidh díomá ort má ceannóidh tú an cluiche seo. Tá imeartha den chéad scoth sa cluiche, tá sé éasca, nádúrtha agus taitneamhach chun do charachtar a bhog timpeall an domhan, cuireann sé meascán idir 'Grand Theft Auto' agus 'Crackdown' i gcuimhne dom. Bainfidh tú a lán spraoi as na cumhachtaí a gheobhaidh tú i rith an cluiche ach dá mbeadh gearán amháin agam bheadh sé gur thosaigh na cumhachtaí ag mothú mar an gcéanna th'éis na chéad chúpla cinn.


Cé go bhfuil an imeartha den scoth, tá sé den scoth amháin nuair atá rudaí suimiúil le déanamh agus seo é an fadhb eile leis an cluiche seo. Tá cuid is mó de na príomh-tascanna an-mhaith ach, i mo thuairim umhal, tá an iomarca tascanna leadránach ann freisin. Lig dom sampla a thabhairt duit... i ngach crios caithfidh tú rudaí cosúil le 'gabh an fear seo' nó 'aimsigh an rud sin' agus cé go bhfuil siad suimiúil an chéad am, éiríonn siad leadránach th'éis and tríú nó an ceathrú am.

Grafaicí
Is é sin an rud, gan amhras ar bith, a tabharfaidh tú faoi deara a luath is a cuirfidh tú an cluiche ar súil. Tá na grafaicí ar fheabhas ar fad, i bhfad níos fearr ná aon rud atá feicthe agam ar an PS3 nó an Xbox 360 riamh... tá sé deacair mo mhéar a chuir air go díreach (i mBéarla, gan trácht trí nGaeilge!), ach tá an phictiúr an-soiléir, an-mion agus breathnaigh siad cosúil le físeáin ó am go h-am.


Cé nach bhfuil sé an cluiche is fearr a d'imir mé riamh, is fiú an t-airgead é, go háirithe mar gheall ar an easpa cluichí atá ar fáil ar an PS4 anois.

Scór 8/10

Ba chóir dom a rá - is foghlaimeoir mé agus i gcónaí ag lorg cuidiú agus comhrá. Bíonn mé ag cleachtadh ar Twitter gach lá... lean @tweet_to_pete más maith leat

Saturday 3 May 2014

21 - léirmheas den PS4

 Is é an PS4 an consól is déanaí ó Sony. Bhí sé seolta díreach roimh an Nollaig sa bhliain 2013 agus bhí sé ag éirí go maith go dtí seo.









Bhíos idir dhá comhairle idir an PS4 agus an Xbox One agus mar sin, d'fhan mé le tamall chun cinneadh a dhéanamh eatarthu. Théis cúpla léirmheas, cinn mé ar an PS4 agus cheannaigh mé ceann an tseachtain seo caite. Cheannaigh mé  burla leis an consól, rialaitheoir agus an cluiche ríomhaire 'INfamous: Second Son'. Beidh na ailt seo faoin consól, an idirbhealach agus rudaí mar sin. Beidh léirmheas eile ag teacht maidir leis an cluiche toisc nach bhfuil sé críochnaithe agam fós.

An t-aon rud a thug mé faoi deara ba ea cé comh beag is atá an consól, nuair a thóg amach as an bosca é. Tá sé beag, éadrom agus scafánta. Ní amháin níos beaga ná an Xbox One atá sé, ach tá sé i bhfad níos beaga ná an Xbox 360 agus an PS3 comh maith, sin dochreidte nuair a dhéanann tú machnamh an méid teicneolaíocht atá ann.



Tagann rialaitheoir nua le chéile leis an consól, an Dualshock 4. I dtús báire, níorbh mé cinnte maidir leis é, mar b'fhearr liom an rialaitheoir ón xbox 360 sna ghlúin roimhe sin. Ach anois, théis cúpla seachtaine leis é, caithfidh mé a rá go bhfuil mé an-tógtha. Rinne siad a lán athraithe agus is é mo bharúil go bhfuil an chuid is mó dóibh an-mhaith. Tá an rialaitheoir níos troime agus tá cuma i bhfad níos scafánta i do lámh aige. Tá na luamháin stiúrtha beagáinín níos mó agus arís tá cuma níos scafánta agus níos compordach acu. Rinne siad athraithe beaga do na cnapaí agus an 'd-pad' ach b'fhéidir nach tabharfaidh iad faoi deara tú. I dteannta do na athraithe seo, tá cúpla cinn eile ollmhór. Is iad na cnapaí 'roinnt' agus 'roghanna' na chéad cinn. Níl 'roghanna' ach ainm nua le haghaidh 'tosaigh' a bhí ar an dualshock 3. Ach déanann 'roinnt' cúpla cleasa nua. Cé go bhfuil tú ag baint úsáid as an consól... ag imirt cluichí, nó ag breathnú timpeall an idirbhealach, bíonn an consól ag taifead i gcónaí agus nuair a brúnn an cnapa 'roinnt' thú, bíonn tú in ann físeáin agus pictiúr a roinnt le do chairde ar Twitter nó Facebook. Tréith an-suimiúil atá ann i mo thuairim. Comh maith leis seo, tá ceap tadhaill agus braiteoir gluaisne ar an rialaitheoir ach go dtí seo, tá seans ar bith agam iad a úsáid.

Sin an rialaitheoir, ach céard faoin idirbhealach agus an bhogearra? Bhuel nuair a chas mé an consól, chuir idirbhealach, glan, tapa agus saghas bunúsach fáilte romham. Má tá tú ag iarraidh idirbhealach todhchaíoch, beidh díomá ort go deimhin, ach tá sách rudaí nua ann chun mé féin a choinnigh sásta, go háirithe má tá cúntas PSN+ agat.






I dteannta leis na rudaí praiticiúil, mar shampla socruithe, cairde ar líne agus an siopa PSN, tá aipeanna ceol, fís, eagarthóir físeanna ann.  Mar ceol, tá an aip 'Music Unlimited' ann agus toisc go bhfuil cuntas agam, tá sé sin go han-mhaith, bíonn mé in ann go leor leor ceol a aimsiú agus is deas é sin agus mé ag déanamh rudaí eile timpeall an tí. Mar físeán, tá dhá aipeanna ann, Netflix agus aip eile 'Vidzone' an t-ainm atá air. Bhí an-iontas orm maidir leis an aip seo, níorbh mé ag dúil aon rud speisialta as, ach tá sé ar fheabhas ar fad. Tá slám físeanna ceol ann ó ngach glúine ó na 70's go dtí an lá atá inniu ann. Bheadh sé seo go han-mhaith dá mbeadh cóisir ar siúl i do theach féin, nó go bhfuil fonn ort sean-fhíseán a bhreathnú fiú... mar a dhearna mé an tseachtain seo caite.

An rud is nua, nua-aimsir, níos teicniúil mar a déarfá, is é an aip eagarthóir físeán. Cé nach bhfuil suim mhór agam rudaí mar sin a dhéanamh, tá eagarthóir an-éasca agus an-cumhachtach ar bharra a méar agat. Mar a dúirt mé níos luaithe, tá an consól ag taifead gach rud agus á dhéanamh agat é. Leis an aip seo, tá tú in ann do chuid físeanna féin a dhéanamh. Trí idirbhealach an-shimplí tá tú in ann na mhíreanna fís a chuir le chéile agus ceol a chuir ann comh maith. Níl an toradh an-gairmiúil ach tá sé i bhfad níos fearr na aon rud a raibh ar fáil roimhe seo.

Caithfidh mé a rá go bhfuilim an-sásta leis an PS4 go dtí seo agus tá a lán cluichí agus aipeanna nua ag teacht go luath.

Scór - 9/10

Ba chóir dom a rá - is foghlaimeoir mé agus i gcónaí ag lorg cuidiú agus comhrá. Bíonn mé ag cleachtadh ar Twitter gach lá... lean @tweet_to_pete más maith leat

Friday 25 April 2014

20 - Cad iad na cláir theilifíse is fearr leat?

** Fógra** Is é an bhlag seo mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe

Cad iad na cláir theilifíse is fearr leat? Sin ceist mhaith nach ea, go háirithe chun comhrá a tosú le duine nach bhfuil in aithne agat cheanna féin. Samhlaigh é seo, i dteach tábhairne atá tú agus i measc dream eile atá ag cleachtadh a gcuid Gaeilge, agus chuile duine ag féachaint ar an urlár ag iarraidh rud éigin a phlé, casann an duine in aice leat i do threo agus deir siad... cad iad na cláir theilifíse is fearr leat? Dá mbeadh liomsa a bheith ann, bheadh cúpla ceann agam le phlé.









Anois, nuair atáim ag smaoineamh faoi, is cláir greannmhar iad, cuid mhór de na cinn is fearr liom. An chéad cheann a thagann dom ná 'Father Ted', tá sé deacair creidiúint anois gur chríochnaigh sé sa bhliain 1998! An dtig leat é sin a chreidiúint? Agus muid fós i gcónaí ag baint úsáid an sliochtanna iontach as an gclár... bí cúramach anois! Maidir leis an clár greannmhar atáim ag breathnú ar faoi láthair, is é 'Modern Family' an cheann is fearr liom. Thosaigh mé ag breathnú air cúpla mí ó shin mar timpiste agus mé ag obair ar mo ríomhaire glúine ar an tolg, thug mé faoi deara th'éis leath uair gurbh obair ar bith déanta agam agus mé ag maolgháire dom féin. Ó shin, nuair a bhíonn an t-am agam, bhíonn mé i gcónaí ag maolgháire air fós!





Seachas na cinn úd, tá cúpla cuid eile a bhreathnaím ar ó am go h-am. Breathnaím ar CSI anois is arís, mar tá suim ar ag mo chailín, mar sin bíonn sé ar siúl. Bhíos ag féachaint ar 'Hannibal' le linn sraith a haon agus ba aoibhinn liom é, ach chaill mé an chuid is mó de na eachtraí i sraith a dó, anois agus mé ag caint faoi, níl fhios agam má tá sé ar fáil in Éirinn fós?

Thaitin a lán sraitheanna eile go mór dom, na cinn atá ar fáil ar Netflix agus bhí léirmheasanna scríofa agam fúthu


Ba chóir dom a rá - is foghlaimeoir mé agus i gcónaí ag lorg cuidiú agus comhrá. Bíonn mé ag cleachtadh ar Twitter gach lá... lean @tweet_to_pete más maith leat

Wednesday 16 April 2014

19 - Tá Jesus agus Billy ag imeacht go Barcelona

** Fógra** Is é an bhlag seo mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe

Tá sé in am léirmheas leabhar eile a scríobh, mar níl ceann déanta agam ar feadh tamall. Chríochnaigh mé an leabhar "Tá Jesus agus Billy ag Imeacht go Barcelona" cúpla oíche ó shin, agus faraor, caithfidh mé ar nach raibh leabhar an-suimiúil i gceist.

Tá scéal an-shimplí ann, cúpla clann Éireannach ag glacadh páirt i gclár malairte idir Éire agus an Spáinne. Thosaigh an scéal go maith ag déan cur síos ar na dhá teaghlach Éireannach i gceist sa scéal. Rinne an t-údar cur síos sách greannmhar ar na carachtair, go háirithe cailín amháin agus na deacrachtaí a bhí aici ag tús an scéal. Bhí an chéad chúpla caibidil go maith freisin, bhí meascán ag an aerfort leis na daltaí ó Barcelona agus chuaigh an bheirt 'Jesus' abhaile leis an gclann mícheart.

Le bheith ionraic, is é sin deireadh an dea-scéal maidir leis an léirmheas seo... Th'éis cúpla caibidil, trí nó ceathair b'fhéidir, tháinig cuma fíor-leadránach ar an scéal. Le haghaidh cuid mhór eile den leabhar, níl iontas nó chasadh ar bith. Buíochas le Dia, tá na chaibidlí deiridh níos suimiúil, is mór an trua nach thosaigh siad níos luaithe, ach ag an am céanna, sábháil siad an leabhar ó tubaiste.

Scór - 5/10

Ba chóir dom a rá - is foghlaimeoir mé agus i gcónaí ag lorg cuidiú agus comhrá. Bíonn mé ag cleachtadh ar Twitter gach lá... lean @tweet_to_pete más maith leat

Friday 11 April 2014

18 - Cé a spreagann tú?

** Fógra** Is é an bhlag seo mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe

De réir mar is soiléir anois, is é an bhlag seo áit chun mo chuid Gaeilge a cleachtadh agus a feabhsú agus mar sin bíonn mé i gcónaí ag lorg ábhair le haghaidh blagmhír a scríobh fúthu.... uaireanta, toisc go bhfuil saol leadránach agam ó am go h-am, níl aon ábhar agam. Mar sin, cinn mé ar phlean nua inniu. Cúpla seachtain ó shin thug mo chara cártaí ó www.clevermindtoys.com dom, cártaí speisialta is ea iad, chun comhráite a dhéanamh trí nGaeilge, mar sin, muna mbíonn ábhar agam, tosóidh mé ag plé faoin t-ábhar ar an cárta....

"Cé a spreagann tú?" is é an t-ábhar ar an chéad cárta a phioc mé as an paicéad.... mar sin, déanfaidh mé cuir síos faoi na daoine a spreagann mé. Dá mbeadh fonn ort na ábhair a plé liomsa, chuir do chuid tráchta ar an leathanach seo!

Is dócha go bhfuil an frása "cé a spreagann tú?" deacair a freagairt le duine amháin agus mar sin déanfaidh caimiléireacht  beag mé agus déanfaidh mé cuir síos cúpla daoine.

I dtosach báire caithfidh mé a rá go bhfuil mo mháthair an duine a spreagann mé is mó, ach níl a bhlag seo an áit chun é sin a phlé, mar sin tosóidh mé le duine eile... hhmmmm

Sa spóirt, is maith liom carachtair a chuireann a gcorp ar an líne don foireann mar shampla, Brian O'Driscoll, Paul O'Connell, chuile iománaithe agus imreoirí peil riamh, agus cúpla daoine sacar mar shampla Paul McGrath, Damien Duff, agus Steve Staunton. Ní maith liom an droch-dhearcadh atá ag an chuid is mó de na imreoir sacar sa premiership agus iad ag caoineadh ar an talamh th'éis cic amháin.... na bí tiubh, éirigh as an talamh agus dún do chlab.

Sa polaitíocht, is maith liom daoine nach cuireann an acu féin roimh a luachanna, agus nach bhfuil níos mó suim acu in airgead ná daoine ná Tír. Mar sin spreagann Micheal D mé, agus go háirithe le déanaí Martin McGuinnes agus an méid misneach a thaispeáint aige dul go dtí Westminster srl.

Sa saol níos coitinne, tá a lán meas agam ar daoine a chuir súil amháin ar na rialacha agus súil eile conas iad a bhriseadh :) mar sin, caithim a lán am ag breathnú ar físeáin ar TED (www.ted.com) agus ag déanamh machnamh faoi na smaointe a bhíonn ag na daoine ansin.

Caidé bhur bharúil maidir leis an cheist seo? Cé a spreagann tusa? Cén fáth? Fág teachtaireacht ar an leathanach seo más mian leat...

Ba chóir dom a rá - is foghlaimeoir mé agus i gcónaí ag lorg cuidiú agus comhrá. Bíonn mé ag cleachtadh ar Twitter gach lá... lean @tweet_to_pete más maith leat

Friday 4 April 2014

17 - Tráth na gceist

** Fógra** Is é an bhlag seo mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe

Gach Aibreán ó an mbliain 2010 bhí tráth na gceist i dteach mór Fionnradharc Baile Átha Cliath. Thosaigh sé nuair a  bhíos féin i mo chónaí ann le chuid de mo chairde agus tá cúpla iad fós ann. Níl ach smaoineamh spraoi i gceist ar an gcéad uair, bhí plean againn cúpla chairde, cúpla deochanna agus leithscéil faoi choinne ár gcairde teacht le chéile. Ar an chéad uair, bhí iontas orainn leis an méid daoine a tháinig ann. Dúirt muid leo gur tabharfaidh muid chuile airgead do carthanach, sílim go bhfuil an 'Haiti Fund' i gceist ag an am. Ar aon nós, mar sin de, tháinig a lán lán daoine agus bhí an teach plódaithe ó bun go barr agus bhain gach uile duine spraoi agus sásamh as an oíche, a oiread is go bhfuil tráth na gceist ann ó shin i leith.

Ar an naoú lá is fiche de mhí Marta bhí an tráth na gceist 2014 ar siúl i 'Jokeshop Towers', an t-ainm a chuir muid ar an teach mar gheall ar an méid craic a bhíonn ann i gcónaí. Cosúil le gach bhliain eile, níorbh spás ar bith sa teach. Bhí boird sa chistin, sa seomra suite, sa halla agus bhí foireann ag an tinteán fiú! Thosaigh mo fhoireann go maith agus th'éis babhta nó dhó, bhíomar i lár an tábla. Ach mar is gnáth. d'éirigh muid níos spéis in sna comhrá ná na ceisteanna agus chumar cóngarach do dtí an bun an tábla roimh i bhfad.

Ba cuma linn, bhí craic go leor ann ag pleidhcíocht agus a baint craic as an babhta ceol agus babhta pictiúr comh maith. Mar a tharla gach bliain, thosaigh cóisir ollmhór th'éis an tráth na gceist agus bhí seans agam teacht suas le mo chairde nach feicthe agam le tamall anuas. Níor bhuaigh mé tada an oíche sin ach bhain mé an-sult as cibé ar bith.

Ba chóir dom a rá - is foghlaimeoir mé agus i gcónaí ag lorg cuidiú agus comhrá. Bíonn mé ag cleachtadh ar Twitter gach lá... lean @tweet_to_pete más maith leat

Saturday 29 March 2014

16 - Berlin

** Fógra** Is é an bhlag seo mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe

Bhí mé ag caint i dtaobh turas go dtí an Gearmáin le fada an t-am anois. Nuair a bhí mé i mo fhichidí bhí plean agam dul ann ar feadh samhradh ag obair i mbear nó rudaí mar sin, ach gan iontas, níor rinne mé é. Le déanaí, tháinig féidearthacht chun dul ann arís, chuaigh mó col ceathar ann le haghaidh a chuid ceol a cuir chun chinn, agus anois nuair a déanaim trácht ar, tá a albam ar fáil anseo http://robertdelaneymusic.com/, ceol iontach i gceist.

Ag an am chéanna, bhí mé ag iarraidh smaointe don bhronntanas don bhreithlá mo chailín.  Rinne mé cinneadh deireadh seachtain bheag i mBerlin chun beirt éan a mharú le clocha amháin mar a déarfá. D'eitil muid go luath ar an Aoine ón t-aerfort Baile Átha Cliath agus mar sin bhí muid san Óstán i mBerlin Roimh meán lae. Chaith muid an chuid is mó den t-am ar an Aoine ag siúl thart an chathair le mo chol ceathair, ag aimsiú ár gcosa agus ag baint sult as an sos. Cathair iontach suimiúil is ea é agus tá a lán rud le feiceáil agus le déanamh. Ba é an caighdeán iompar poiblí rud a bhuail mé gan mhoill agus muid ag taisteal thart. Tá traein agus luas (trams) agus iarnród faoi thalamh ann agus ceangailte le chéile go han-mhaith atá siad, a oiread is go bhfuil tú in ann aon áit sa cathair a shroich i tríocha nóiméad.

Chuaigh muid go dtí a lán radhairc suimiúil mar shampla an 'Berlin Wall' agus an 'Topology of Terror' ach caithfidh mé a rá nach raibh mé an-tógtha leo, b'fhéidir toisc go raibh fhios agam ina dtaobh cheana féin. Tá a lán bialann álainn sa cheantar (iontas ar bith) comh maith agus ní raibh sé ró-dhaor ach oireadh, ach d'aithin mé rud an-aisteach. Chuamar le haghaidh lón lá amháin agus bhí na deochanna boga i bhfad níos dhaor ná beoir €4.20 le haghaidh gloine coke... craiceáilte!

Rud eile a d'aithin mé agus muid ar ár mbealach abhaile, cé chomh deas atá aerfort Baile Átha Cliath i gcomórtas an t-aerfort i mBerlin. Bhí iontas orm cé chomh beag a bhí sé.

Dá mbeadh mé ag dul ar ais, chaithfeá níos mó ag pleanáil mo thurais go dtí na radhairc...

Auf Wiedersehen

Ba chóir dom a rá - is foghlaimeoir mé agus i gcónaí ag lorg cuidiú agus comhrá. Bíonn mé ag cleachtadh ar Twitter gach lá... lean @tweet_to_pete más maith leat

Wednesday 19 March 2014

15 - Luther

Luther

** Fógra** Is é an bhlag seo mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe









De réir mar a táim cinnte gur thug tú faoi deara, bíonn a lán sraitheanna nua breathnaithe agam le déanaí. Is é 'Luther' an cheann is déanaí, agus ionadh iontach ba ea é comh maith. Níor chuala mé faic ina thaobh roimh é a fheiceáil agus níor d'aithin mé aon de na carachtair ach oiread. Sraith bleachtaire i gceist anseo, atá lonnaithe i Londain, Sasana.

Is é John Luther an príomh-charachtar sa sraith seo agus fear craiceáilte is ea é. Tá fearg an tsaoil láimhe air agus is maith leis ag caint lena chuid doirn in áit a bhéal an chuid is mó den t-am. Leis sin ráite, th'éis cúpla eachtra, tosaíonn an bealach eile a fheiceáil thú, agus feiceann muid fear deas le chroí mór.

Thosaigh séasúir a haon go han-tapa agus d'aithin go luath mé go bhfuil sraith an-fhoréigneach i gceist. Níl an stiúrthóir sásta go dtí 'óh mo Dhia' screadta amach agat, agus geallaim duit, tarlaíonn sé sin go han-minic. I ngach uile eachtra, bíonn carachtair an-suimiúil, ait agus samhlaíocht i gcoinne na bhleachtaire.

Tá struchtúr difriúil ag an sraith seo i gcomórtas leis sraitheanna eile. Tá scéal nua i ngach eachtra ach tá scéal mór ag rith tríd na eachtra uile comh maith, agus is an scéal sin an cheann is fearr. Mar rabhadh duit, níl an sraith go hiomlán ar Netflix fós agus mar sin, níl ach dhá de na séasúir feicthe agam. Ní thig liom fanacht go dtí an ceann deireanach ar fáil, idir an dá líne, thosaigh mé le 'Game of Thrones'.

Ba chóir dom a rá - is foghlaimeoir mé agus i gcónaí ag lorg cuidiú agus comhrá. Bíonn mé ag cleachtadh ar Twitter gach lá... lean @tweet_to_pete más maith leat

Friday 14 March 2014

14 - YouTube Video Editor

You Tube Video Editor   

** Fógra** Is é an bhlag seo mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe




Cosúil le beagnach chuile duine ar domhain, tá cur amach agam ar YouTube mar córas físeán. Is minic go mbíonn nasc fís greannmhar nó polaitíocht seolta chugam, agus uaireanta bíonn an iomarca uaire chaite agam ag breathnú ar fís th'éis fís i dtaobh stair nó nádúir. Ar an bhliain seo chaite (nó an bhliain roimhe sin) thosaigh mé ag bhaint úsáid as cúpla fís-eagarthóir chun físeanna a dhéanamh le mo mhic léinn, bhain mé triail as 'Movie Maker', 'Animoto' 'iMovie' agus cúpla ghléas déanta 'giff' chomh maith. De réir mar atá sé saor in aisce, agus ar fáil ar an idirlín, shocraigh mé ar YouTube le haghaidh an bhliain seo.

Ar an chéad dul síos, caithfidh mé a rá go bhfuil sé an-shimplí chun úsáid a bhaint as. Níl ach cúpla tréithe ar fáil agus tá siad sách éasca agus soiléir. Ach, is anseo atá an fadhb comh maith. Ar uairibh, tá an córas ró-bunúsach agus tá teorann ann leis an méid atá indéanta leis an bogearra. Mar shampla, níl tú in ann 'voice overs' nó do chuid ceol féin a chuir isteach sna físeanna. An dara rud, níl tú in ann, físeanna ó YouTube a chuir isteach i do fhíseanna féin, gan iad a uaslódáil do do chuntas féin i dtús báire. 

Seachas na fadhbanna seo, tá a lán buntáiste leis an bogearra. Tá sé fíor-éasca a úsáid agus chun múineadh do na mhic léinn, agus mar sin tá tú in ann díriú ar an ábhar nó an próiseas in ionad an teicneolaíocht. Comh maith leis sin, tá sé éasca é a úsáid le grúpaí mór, agus nuair atá siad críochnaithe, níl ach 'click' amháin riachtanach, agus beidh a bhfíseán suas ar an idirlín.

Dar liom gur chóir leat dhá rud a bhrath. Is é an chéad rud, an saghas mic léinn atá á déileáil agat, is é an dara rud, an méid am atá agat chun an tionscnamh a dhéanamh. Má tá a lán am agat, braith ar bogearra níos casta, mar shampla 'Movie Maker' nó 'iMovie' mar tá i bhfad níos mó tréithe agaibh. Má tá tú ag iarraidh bogearra chun tionscnamh beag a dhéanamh, dhéanfá níos measa ná YouTube.


Ar aon nós, ádh mór ort, agus bain taitneamh as an próiseas. I mo thaithí, taitníonn na ceachtanna foghlaim seo go mór do na mhic léinn.

Ba chóir dom a rá - is foghlaimeoir mé agus i gcónaí ag lorg cuidiú agus comhrá. Bíonn mé ag cleachtadh ar Twitter gach lá... lean @tweet_to_pete más maith leat

Saturday 8 March 2014

13 - Timpiste réidh le tarlú

Timpiste réidh le tarlú





** Fógra** Is é an bhlag seo mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe

Ceann de na leabhair le haghaidh foghlaimeoirí fásta i gceist anseo, agus tá sé ar fáil sa siopa gaeilge anseo http://www.siopagaeilge.ie/index.html

Is scéal bleachtaire á insint ag an údar sa leabhar seo, ach saghas éagsúla, mar táimid ag caint faoi bleachtaire príobháideach agus é ag iarraidh níos mó airgead a fháil. Tá cúpla téamaí le feiceáil sa scéal seo, téama teaghlach, téama airgead, téama bagairt agus bréagach, agus meascán leis sin, téama i dtaobh duine ó páirt amháin den pobail na hÉirinn ag dul in aithne le daoine ó pháirt eile.

Tá cumas iontach ag an údar chun an suíomh a chuir síos a oiread is a bhfuil tú in ann an fhearthainne a mhothú ar do craiceann féin agus an príomh-charachtar ag siúl síos na sráideanna mBaile Átha Cliath. Tá cumas aige cuir síos ar na carachtair comh maith, tá tú in ann pictiúr a chruthú den carachtair go léir, go háirithe 'Bertie' agus 'Gertie' na droch-daoine sa scéal.

Níl an scéal ró-chasta, tá fiosrúchán díreach tar éis tosú ag 'John' an príomh-charachtar, agus é ag iarraidh cúpla pingin, tá cuma an-shimplí ar an fiosrúchán ag an tús. Bhí daoine ag bhagairt Bertie agus a chomhlacht agus bhí ar John an praiseach a dheisiú... ach th'éis cúpla chaibidil éiríonn sé soiléir nach bhfuil gach rud mar a deir Bertie. Tar éis sin, tosaíonn an scéal ag cor agus ag casadh agus tá sé i bhfad níos fearr mar gheall é.

Tá an cúpla chaibidil is deireadh na cinn is fearr sa leabhar, ach i mo thuairim, tá an críoch sách lag... i ndáiríre críochnaíonn an leabhar roimh an chaibidil is deireadh. Seachas é sin, is leabhar iontach é 'Timpiste réidh le tarlú'.

Scór 7/10

Ba chóir dom a rá - is foghlaimeoir mé agus i gcónaí ag lorg cuidiú agus comhrá. Bíonn mé ag cleachtadh ar Twitter gach lá... lean @tweet_to_pete más maith leat 

Wednesday 5 March 2014

12 - Man of Steel

Fear Cruacha

** Fógra** Is é an bhlag sin mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe

Mar gheall an mhéad obair atá le déanamh agam agus ag mo chailín, rinneamar cinneadh ag an deireadh seachtain, a bheith oíche chiúin acu. Mar sin d'oscail mé Apple TV agus thosaigh mé ag brabhsáil tríd na scannán atá le fáil ar an seirbhís. Thaitin cúpla cinn dom, ach beagnach ag deireadh an liosta, chonaic mé 'Man of Steel' agus chuimhnigh mé mo rúin chun breathnú air, cúpla mí ó shin. Bhí muid réidh... ach... i ngeall ar an fíoras go gcónaím beagán faoin tuath, bheadh muid ag fanacht le fada an t-am go dtí go mbeadh muid in ann é a breathnú... féach ar an pictiúr...



Mar sin, an lá dar gcionn, bhreathnaigh muid ar an scannán, ní chuireann an scéal sin isteach ar an scór!

Ní raibh mé ag dúil oiread as an scannán mar níor chuala mé a lán tuairiscí ag an am a sheoladh sé. Bhí iontas shéimh orm. Thosaigh go han-tapa é, chun an cúl-scéal a insint ar an pláinéad Cripton. Bhí na maisíocht iontach ar fad agus an domhan a bhí cruthú, an-samhlaíocht. Th'éis an réamhrá, moilleann an scéal síos beagáinín, chun an príomh-charachtar a cuir in aithne don lucht féachaint. Is dócha go bhfuil fhios ag beagán gach duine an scéal 'superman' agus níl iontais ar bith sa scannán seo maidir leis an fear, ach is ea an dorchadas den scéal, rud atá sách iontas ina thaobh. Chuimhnigh mé na sean-leagan agus scannáin an-cheesey ba ea iad, ach níl sé mar an gcéanna leis na ceann nua. Dar liom go bhfuil an fócas ar gníomh, maisíocht agus an tosc 'wow'. Má tá tú ag iarraidh scannán le scéal dhomhain, nó carachtair neamhchoitianta, beidh díomá ort, ach má tá tú ag iarraidh scannán gníomh, spraoi agus corraitheacha, beidh tú an sásta leis an ceann seo...

Ní déarfainn go bhfuil an sár-laoch scannán is fearr riamh é, ach tá sé níos fearr ná cúpla de na cinn a raibh sheolta le déanaí.

Scór 8/10

Friday 28 February 2014

11 - Teach Cartaí

House of cards



** Fógra** Is é an bhlag sin mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe


Nuair a chríochnaigh mise agus mo chailín Breaking Bad cúpla seachtain ó shin (aghaidh brónach) bhíomar idir dhá comhairle idir 'House of Cards' agus 'Orange is the new black'. Breathnaigh muid ar dhá réamhfhógraí agus th'éis an sraith saghas dáiríre ab ea Breaking Bad, bhí muid ag smaoineamh ar thaobh 'Orange is the new black' ach bunaithe ar comhairle ó Twitter, bhí athrú meoin againn, agus thosaigh muid le 'House of Cards'.

I dtosach báire , beidh mé ag caint i dtaobh séasúir a haon sa blagmhír seo (cé go bhfuil muid tugtha do séasúir a dhó faoi láthair).  Go dtí seo, tá muid ríméadach leis an cinneadh a rinne muid. Is é séasúir a haon den sraith seo ar fheabhas. Cinnte, tosaíonn sé sách mall, ag tógáil na carachtair agus an scéal, ach th'éis eachtra a trí nó a ceathair, éiríonn an scéal i bhfad níos tapa.

Tá an scéal, fíor-polaitíocht, gach daoine ag iarradh cumhacht a fháil, agus duine amháin, Frank, an príomh-carachtar, toilteanach aon rud a dhéanamh chun an cumhacht sin a fháil. Ar dtús, níl sé an-soiléir cén saghas fear atá Frank, tá cuma glic agus greannmhar air, ach céim ar chéim d'aithin tú go raibh fear an-leithliseach i gceist. Ach ní scriosfaidh mé an scéal duit...

Má rud amháin olc le rá agam i dtaobh séasúir a haon, bheadh sé faoin eachtra is deireadh, is é mo bharúil go bhfuil frith-bhuaice ar fad ann... ach is é séasúir a dhó i bhfad níos fearr, fan go bhfeice tú...

Scór 8/10

Wednesday 19 February 2014

Dearg le fearg

Dearg le fearg

** Fógra** Is é an bhlag sin mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe




Dearg le fearg

Sin an glaoch atá screadta amach ag na daoine Gael i mBaile Átha Cliath ar an 15ú Feabhra, an Sathairn seo caite.

Bhí mé ann, chuaigh mé i m'aonar, agus níorbh fhios agam cad a bheith ag dúil, bhí sé mo chéad agóid go deo agus nuair a bhí mé ag siúl suas Sráid Parnell, bhí mé sách faiteach. Bhí mé ag smaoineamh cé mhéid duine a bheadh ann, cén sórt daoine, an mbeadh ach cúpla daoine ann?

Mar a bhí mé a siúl suas an tsráid, chonaic mé an slua i bhfad i gcéin, agus bhí cuma go raibh a lán daoine ag siúl i dtreo céanna. Beidh muid ceart go leor, a dúirt mé liom féin, beidh go leor daoine ann chun agóid maith a dhéanamh, agus níl mé ag cuir mo am amú!

Bhuel, bhí an ceart ar fad agam, nuair a shroich mé an Gairdín Cuimhneacháin, bhí slua ollmhór romham, agus bhí sé ag fós ag fás... agus ina theannta sin, bhí an t-atmaisféar go hiontach, bhí chuile sórt fógra ann, daoine lena n-aghaidheanna péinteáilte, drumaí ag seinneadh, agus daoine gléasta suas. Tá neart phictiúir ar fáil ar leathanach facebook Conradh na Gaeilge

Shiúl muid go dtí Sráid í Conaill agus bhí an radharc ar fheabhas ansin, bhí an sráid lán ó bun go bharr le daoine Gael, níor thig liom mo shúile a chreidiúint. Rinne mé mo bhealach le na siúlóirí eile agus bhuail mé le cúpla duine a bhí aithne agam. Mar shampla, bhuail mé le chara de mo mhamaí agus comhrá deas againn le cheile.Nuair a shroicheamar an ardán ag deireadh an siúl, bhí an radharc dochreidte, bhí an tsráid plódaithe le daoine, daoine le ghrá don Gaeilge faoi leith. Bhí Ronan ó RnaG ag scread amach a glaoch "dearg, dearg, dearg le fearg" agus bhí an lucht féachaint ag freagra dó... mar tá a lán daoine dearg le fearg leis an rialtas agus an méid cur amú déanta acu leis an teanga. Ach ní raibh an braith fearg an braith is láidir a bhí ann, i mo thuairim umhal, ach braith bróid, braith grá den teanga, agus braith oibriú le chéile... agus mar a bhí mé ag siúl uaidh le Seo Linn ag canadh amach os ard, bhí mo chroí lánsásta leis an lá agus ríméadach go bhfuil mé ag foghlaim ár teanga féin.

Neart le chéile a chairde

Thursday 13 February 2014

Lá mór na Gaeilge

** Fógra** Is é an bhlag sin mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe

Ar an Sathairn seo chugainn, beidh siúl mór ar son na Gaeilge i lár na cathair Baile Átha Cliath. Tá ceisteanna dom ag cúpla de mo chairde, cén fáth bhfuil tusa ag dul a Pheadair? Agus, tuigim na ceisteanna. Ní Gaeilgeoir mé, nó mo thuismitheoirí, nó aon duine i mo theaghlaigh. Táim ag foghlaim arís cinnte ach sin éagsúla.

Nuair a déanaim cuid machnamh ar an t-ábhar, tá a lán fáthanna agam chun dul amach ag siúl le muintir na Gaeilge. Seo liosta a rinne mé i m'intinn le linn an tseachtain.

1) Is aoibhinn liom an teanga, tá sé speisialta agus ar leith go hÉirinn

2) "D'fhoghlaim mé" an Gaeilge ar feadh 16 bliana nuair a bhí mé sa scoil, agus anois, ní féidir liom é a úsáid, sin seafóid

3) Mothaím go crua gur theip an rialtas leis an teanga, agus má cead agaibh é sin a dhéanamh leis an Gaeilge... an bhfuil aon rud slán?

4) Tá an Gaeilge ag fás ar fud na tíre, tá grá ag muintir na hÉirinn don Gaeilge ach ní aithníonn an rialtas é seo. Tá an am linn chun seas suas agus 'Is é an Gaeilge mo theanga" a rá!

Feicfidh mé sibh ar an Sathairn go dóchasach

Friday 7 February 2014

T-Rex

T-Rex
** Fógra** Is é an bhlag sin mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe




Is é an t-ábhar de na dineasáir ceann de na hábhair a chuir iontas agus sceitimíní ar an chuid is mó daoine ar domhan. D'fhoghlaim muid sa scoil i dtaobh na créatúir ollmhór agus an saoil a bhí acu, ach ag an am céanna, tá siad i ngan fhios. Tá siad cosúil le eachtrannaigh a bhí beo ar domhan ait agus éagsúla, a oiread go bhfuil sé cosúil le áit samhailteach. Bhí an domhan seo lán de ainmhithe aisteach agus iontach, iasc comh mhór mar an titanic, éan mar eitleán, agus creachadóirí comh mhór mar bus agus comh dainséarach mar arm.

Bhí an T-Rex an ceann is cáiliúil de, an Rí d'fhéadfá a rá. Sheas siad beagnach caoga troithe fada, agus meáchain siad timpeall seacht tonna! Amharc scanrúil gan amhras!

Chónaigh an T-Rex timpeall seasca seacht milliúin blianta ó shin sa Stáit Aontaithe, bhuel go soiléir, níorbh sé an Stáit Aontaithe ag an am :). Bhí chois deiridh ollmhór acu, ach chois tosaigh an-bheag. I ndáiríre, is cuma cé comh lag is a bhí a gcois tosaigh, ba ea a greim an rud is láidir agus is dainséarach acu. Creideann cuid de na eolaíochtaí go bhfuil an greim acu an greim is láidir riamh... trí oiread atá ag an siorc-mór bán. Abair slán do do chuid corp mar sin!

Seachas a ngreim ollmhór, tá a lán díospóireachta maidir le na cumais eile a bhí ag an creachadóir ársa. Ceapann chuid de na eolaí go raibh siad sách mall, bhí siad in ann rith aon déag go cúig is fiche míle le uair, ach ceapann eolaí eile go riabh siad in ann rith comh tapa ná cúig is caoga míle le uair.... deirimse rud amháin leat, táim lánsásta nach bhfuil gá orainn chun fáil amach!

Dúradh go raibh siad an-chliste comh maith, radharc na súl iontach acu agus in ann seilg i ngrúpaí le chéile... amharc scanrúil mar a dúirt mé!

Monday 3 February 2014

Ar NÓS na ghaoithe

logo

** Fógra** Is é an bhlag sin mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe.

Ar NÓS na ghaoithe

Sin an smaoineamh a rith liom an chéad uair a chonaic mé an iris NÓS. D'fhoghlaim mé abairt nuair a bhí mé sa bunscoil, "rith sé ar nós na ghaoithe" agus tá sé i m'aigne fós... ar aon nós, seachas mo cuimhní, tá an blagmhír seo i dtaobh an iris NÓS.

http://www.nosmag.com/

Is dócha gur chonaic mé íomhánna agus píosaí eolas faoi NÓSmag ar an idirlíne, ar Twitter agus anseo is ansiúd i rith na blianta ach níor thug mé aon aird dóibh ar dtús. Ní raibh sé go dtí thosaigh mé ag éisteach le na podcasts "blás" cúpla mí ó shin agus chuala mé Tomaí ag caint faoi rudaí... De réir a chéile cheangail mé na poncanna le chéile agus d'aithin mé go raibh cuid de na daoine ar blás, bainteach le NÓS mag comh maith. Shíl mé liom féin, bhuel tá an caighdeán an-ard ar blás, is dócha go bhfuil sé mar an gcéanna le NÓS mag. D'imigh cúpla mí gan aon gníomh liomsa, mar is gnáth :)... ach lá amháin nuair a bhí mé ag iarraidh m'obair a sheachaint, chuaigh mé ar an idirlíne agus chláraigh mé ar an suíomh NÓS mag. Rinne mé dearmad air, go dtí tar éis an Nollaig nuair a thosaigh mé iomrá de na eagrán nua a fheiceáil ar Twitter, ansin bhí imní orm nach chláraigh mé ceart ar an suíomh toisc nach raibh cóip agam. Sheol mé giolc leo ar Twitter ag iarraidh eolas ach tháinig mo chóip an lá dar gcionn. Tháinig sé sa phost, nach áisiúil é sin :)

Caithfidh mé a rá, an chéad rud a thug mé faoi deara, an ard-caighdeán a raibh ar an iris... na íomhánna, an páipéar, na dathanna agus gach rud eile. An oíche sin, rinne mé cupán deas tae, agus shuí mé mo thóin ar an tolg, bhí mé réidh chun tosaigh.  Tosaíonn an eagrán le réamhrá ó Tomaí ó Conghaile ag labhairt i dtaobh na dúshláin agus na féidearthachtaí don Ghaeilge faoi láthair agus ag tabhairt buíochas do gach duine a thug cuidiú leo i rith na bliana. Tá an eagrán plódaithe le sár-ábhair ó clúdach go chlúdach, tá píosa ann ag scríobh léirmheas ceol, agus scannáin, tá roinnt cúrsaí reatha ann ag plé na rudaí is tábhachtach mar shampla Nelson Mandela, mar gheall fuair sé bás, meán sóisialta agus a lán nithe eile suimiúil.

Mar foghlaimeoir, tá sé saghas deacair bheith chuile rud a léamh, níor thuig mé gach rud ach fuair mé an 'gist' de gach scéal, ina theannta sin, níl na scéal ró-fhada agus mar sin, bhí mé in ann píosa beag a léamh gach oíche, mar sin níor d'éirigh mé tuirseach nó frustrachais leis na focail deacair.

Má tá tú ag iarradh rudaí suimiúil a léamh as Gaeilge, ní rachfá cearr leis an iris seo.

Scór 10/10 

Wednesday 29 January 2014

Ag Dul in Olcas

** Fógra** Is é an bhlag sin mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe.

Léirmheas Ag Dul in Olcas






Ar an chéad dul síos, ná bí buartha, níl aon spoilers anseo!

Thosaigh mé ag breathnú ar 'Ag Dul in Olcas' trí mí ó shin agus chríochnaigh mé díreach tar éis an Nollag. Breathnaigh mé ar 78 eachtra i dtimpeall trí mhí, sin ag rá rud éigin. Nuair a thosaigh mé ag breathnú air, d'aithin mé ar an toirt go raibh sé thar barr, rug an scéal orm leis an chéad eachtra agus ní raibh mé ann stopadh! Dála an scéil, is é an sraith seo an sraith in aonar a breathnaigh mé go dtí an críoch riamh.

Scéal an-aisteach atá ann, agus d'fhéadfá a rá go bhfuil sé seafóid ar páipéar, ach tá sé a mhalairt ar an scáileán. Mar a dúirt mé ag an tús, ní aimsíonn tú aon spoilers anseo, ach is leor a rá go bhfaigheann an príomhcharachtar amach go bhfuil sé tinn agus mar sin, tá air, rud éigin a dhéanamh chun níos mó airgead a fháil. Glacann sé páirt in a lán rud chun an airgead a fháil agus de réir a chéile, tabhair sé a teaghlaigh agus gach daoine eile in éineacht leis. Leanann an scéal ar aghaidh ó anseo agus bhíonn a lán cásanna dochreidte i rith na sraitheanna. Tar éis sraith a haon, beidh grá duit do na charachtair go léir agus mar sin tosóidh an scéal a dul i bhfeidhm ort níos mó agus níos mó le gach eachtra. Má tá rud éigin olc a rá leis an sraith, bhí séasúir a trí an cheann is measa, tá sé go han-mhaith freisin, ach níl sé comh maith ná na ceithre cinn eile.

Chuala mé ag an am go rinne siad séasúir a chúig nuair a d'aithin siad cé comh cáiliúil a bhí sé, má bhíonn mé ag iarraidh rud eile diúltach a rá i dtaobh an sraith, caithfidh mé a rá go bhfuil sé sin soléir... ach arís, níl sé sin rud olcas. Sílim go bhfuil séasúir a chuig an cheann is fearr sa sraith. Is é Ag Dul in Olcas an sraith is fearr ar Netflix, gan amhras. Bainfidh tú an-sult as, i ndáiríre, tá rabhadh agam daoibh, má tosaíonn sibh ag breathnú air, abair slán do do shaol :)

Scór 10/10

Dála an scéil, tá t-éine 'Ag Dul in Olcas' ar fáil anseo as Gaeilge

Friday 24 January 2014

Bialann beag nua i Ros Eó

D'oscail bialann beag nua i Ros Eo cúpla mí ó shin, bhuel tá úinéirí nua ann ar aon nós. Chuaigh mise agus mo chailín ar an Sathairn seo caite chun triail a bhaint as. Bialann beag is ea é, i bhfolach os cionn teach tábhairne ar an tSráid Mór. Chonaiceamar fógra amach ar an tsráid ag fógraíocht biachlár nua i rith na seachtain agus mar sin, ní rabhamar cinnte cad a bheith a súil.

Tá an doras chun tosaigh don bialann ar chúl an teach tábhairne, suas an staighre agus ag an am sin, níl raibh ionchais ró-mhór againn de réir mar a bhí sé ceangailte leis an teach tábhairne, bhí 'pub grub' i gceist, shíl muid. Ach chun ár n-iontas, nuair a shroicheamar an barr den staighre bhí cuma galánta ar fad as. Bhí sé sách beag, ach bhí an atmaisféar an-deas agus ní raibh na mboird ró-chóngarach le chéile. Tús maith.

Tháinig an freastalaí agus thóg sí ár n-ordaithe. Fuair mé an cáis bree mar cúrsa tosaigh agus pasta sicín mar príomhbhéile. Fuair mo chailín an chéanna mar cúrsa tosaigh agus mais veigeatórach mar príomhbhéile.... agus gan iontas bhí cúpla buidéal beoir agam agus buidéal fíon aici. Shíl mé go raibh an cáis ar fheabhas, bhí siad beagáinín éagsúla mar ní raibh sé bree clúdaithe le blúiríní arán, ach bhí siad clúdaithe le taosrán, ceaptar 'spring roll' le cáis. Faraor, ní raibh mo chailín comh sásta ná liomsa, mar ní riabh aon cáis isteach i dtrí cinn a fhuair sí, mí-tógtha a bhí sí.

Bhlas mo phríomhbhéile agus príomhbhéile de mo chailín an-deas agus bhíomar lánsásta leis an seirbhís, bhí an freastalaí fíor-cairdiúil agus fuaireamar cúpla blastóireacha ón cócaire idir na cúrsaí, bhí sé sin rud maith. Tar éis an béile deas, chuamar síos an staighre go dtí an teach tábhairne agus ba fhéidir mo chailín a fíon a thug léi, rud maith arís.

Mar chonclúid, bhí mé lánsásta leis an oíche. Iontas iontach a bhí an, i bhfolach ar an tSráid Mór.

Scór: 8/10

Monday 20 January 2014

Léirmheas don LG 8' Táibléad

Léirmheas don LG 8' Táibléad nua.

Sheol LG táibléad nua amach díreach roimh an Nollag in Éirinn. Bhí sé ar fáil i Harvey Normans go heisiach, bhuel sin a dhúirt an freastalaí sa siopa ag an am. Mar is gnáth, chuaigh mé chun breathnú a fháil ar an toirt. Bhí dhá cheann ar taispeántas, ceann bán agus ceann dubh. Chonaic mé ar na shonruithe agus bhí mé an-tógtha, breathnaigh sé níos fearr ná an iPad nó aon táibléad Antroid eile.







Tá sé in úsáid agam anois ar feadh ceathair seachtaine agus tá an léirmheas seo bunaithe ar mo thaithí i rith an am sin.

Cuma agus braithim

Tá an táibléad láidir agus tógtha nó cur le chéile go maith. Tá cuma dhaor air, agus mothaíonn sé storrúil i do lámh. Ach ag an am céanna, tabhair sé sin deacracht amháin leis é, tá sé saghas trom comh maith, níos trom mar a cheapfá nuair a breathnaíonn tú air. Níl an meáchain fadhb mór muna a bhfuil tú ag obair air le haghaidh tamall fada. Tá cnaipe ar bith ar an aghaidh den táibléad, i ndáiríre níl ach cnaipí cumhacht agus airde air in aon chor. 

Tá an scáileán geal agus dathannach, i ndáiríre, is é ceann de na gnéithe atá is fearr ag an táibléad. Tá taispeáin iontach aige, 'full HD' mar a deir siad agus breathnaíonn gach saghas físeán agus phictiúir galánta ar fad ar an scáileán. Léim na phictiúir agus na físeán amach as.

Tá an leagan is déanaí de Android suiteáilte ar, agus leis sin agus an luas atá ag an próiseálaí, rith an táibléad go hiontach ar fad. Is é an táibléad is tapa a úsáideann mé riamh. Seachas an luas agus an scáileán galánta, tá gach gnéithe ann gur aimseofá ar Android táibléad eile.

Mar chonclúid, is aoibhinn liom an táibléad seo, tá sé níos fearr ná aon ceann Android eile agus i mo thuairim, tá sé níos fearr ná an iPad beag comh maith.

Scór 9/10

Tuesday 14 January 2014

Turas go Oideas Gael



 
Turas go Oideas Gael


Ar an samhradh seo caite, rinne mé chinneadh bheith dul go dtí Oideas Gael i Dún na nGall. Ag an am chuala mé a lán rudaí maith faoi. Chuala mé go bhfuil an cheantar go hálainn, go bhfuil na ranganna go hiontach agus go bhfuil an chraic thar barr san oíche. Ní raibh díomá orm ar chor ar bith, ach chun an scéal a insint, tosaím ag an tús.

Thiomáin mé ó Bhaile Átha Cliath go dtí Dún na nGall mar bhí taithí uafásach agam ar 'Bus Éirinn' cúpla mí roimhe sin, ach sin scéal eile. Bhain mé úsáid as an N2 mar bhí cuma air go raibh sé an tslí is fearr. Thiomáin mé tríd Muineacháin, agus bhí cuma an-deas ag an áit toisc go bhuaigh siad an teideal Uladh cúpla seachtain cheana.



Trasnaigh mé an teorann agus chonaic mé bratach den dhá cultúr ar mo bhealach. In Áit éigin timpeall An Ómaigh chonaic mé cúpla bratach na hAontachta ar foluain. Caithfidh mé a rá, ar an chéad uair i mo shaol, chuir sé sin míshásta orm agus mhothaigh mé saghas míchompordach. Ach níl polaitíocht i gceist, ach na rudaí a bhí ar siúl sa tuaisceart maidir leis an mbratach i mBéal Féiriste i rith an samhradh. Thosaigh mé ag smaoineamh faoi na agóidí, ach ar ndóigh, bhí gach rud ceart go leor agus lean mé ar aghaidh ar mo thuras. Níos faide síos an bóthar, chonaic mé an bratach eile ar foluain, bratach na hÉirinn, in aice le cumann peile cóngarach leis An Srath Bán.

















Nuair a shroich mé Dún na nGall, bhí turas fada agam fós, thart na sléibhte go dtí Gleann Colm Cille, mo cheann scríbe. Bhí sé sin an páirt is galánta den turas i mo thuairim umhal, thiomáin mé tríd chuid den na radharcanna is fearr ar domhan. Níor cheap mé gur gheofá níos fearr ach nuair a tháinig mé thart an sliabh agus chonaic mé an gleann do mo chéad am, ní chreidfinn mo chuid súile, bhí an radharc go hiontach ar fad. Mhothaigh mé gur chuaigh mé ar ais in am go dtí an sean-Éire agus bhí mé lánsásta leis sin.



Rinne mé mo bhealach féin go dtí an scoil agus le bheith ionraic bhí imní orm mar bhí mé in mo aonar agus ní raibh aon rud cosúil leis sin déanta agam roimh.... ach buíochas le dia, ní raibh aon gá a bheith faitíos ar bith. Bhuail mé le Liam a luaithe is a shroich mé an scoil agus thosaigh sé ag labhairt liom as Ghaeilge, níor thuig mé gach rud ach bhí sé soléir go raibh fear an cáirdiúil ab ea é. Sin tús maith, cheap mé liom féin.

Bhí an lóistín an-deas, ach ní raibh a lán Gaeilge ag an bhean an tí faraor . Seomra beag, compordach a bhí an, le radharc iontach... bhuel más maith leat madra agus scioból, bhí an radharc iontach :)

Ar an chéad maidin, shiúl mé síos an bóthar go dtí na ranganna agus níorbh fhios agam cad a raibh romham. Cuimhnigh, níl aon Gaeilge déanta agam ó bhí mé sa scoil. Ach ar an dea-uair bhí na ranganna go hiontach. Bhí Áine (cheapaim) ag múineadh linn agus bean an-suimiúil, cairdiúil agus cuideachtúil ab ea í. Bhí sí as an cheantar agus d'inis sí scéalta deas faoin áit, scéal faoi na hiascaire na háite agus a lán rud eile mar sin. Má tá tú ag smaoineamh faoi turas go dtí an Gealtacht, Ní mholfainn Oideas Gaeil go leor... tá sé ar fheabhas. Níor díriú sí ar gramadach nó aon rud leadránach mar sin, bhí na ranganna suaimhneach agus compordach, bhíomar ag caint agus déanamh tascanna éagsúlachta gach lá... agus an rud is tábhachtach, bhíomar ag foghlaim i ngan fhios.

Anois lean mé ar aghaidh go dtí an rud is tábhachtach, teach Roarty's... an áit is fearr sa domhan :) Chuaigh muid ann gach oíche agus bhain muid an-spraoi as, bhí ceol agus craic ann, ceol agus ól mar a dúirt muid ag an am. Ach arís, bhíomar ag caint as Gaeilge agus ag foghlaim i ngan fhios. Muna bhfuil PhD le dhéanamh an samhradh seo chugainn agam, bheadh mé ag dul ar ais gan amhras.

Thursday 9 January 2014

Na Siúlóirí Marbh



Thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge timpeall dhá bhliain is leath ó shin. Ag an am sin, chuaigh mé go dtí cúpla ranganna Gaeilge i meánscoil sa tuaisceart Baile Átha Cliath. Bhí gach rud ar dul go breá 's mhothaigh mé go raibh mé ag éirí go maith 's ag ath-cheangail le mo shean-teanga.

Tar éis bhliain amháin, thug mé faoi deara nach raibh mé ag foghlaim ach oiread ná mar ba choir dom. Bhí orm rud éigin a dhéanamh sula chaill mé suim san dtionscnamh beag a bhí agam. Bhain mé triail as go leor nithe, thosaigh mé ag léamh Foinse (www.foinse.ie) gach lá. Ach thug mé faoi deara go han-tapa nach raibh mé in ann é a tuiscint dóthain. Bhí na altanna an-suimiúil ach bhí na gramadach agus na focail ró- deacair dom ag an am. Tar éis sin, chaith mé bhliain eile ag dul go dtí mo ranganna agus ag scríobh dialann gach lá. Tá fhios agam, tá fhios agam... tá cuma an-leadránach ar sin... agus bheadh ceart agat... bhí sé fíor-leadránach gan amhras, agus mar sin d'éirigh mé as tar éis cúpla seachtaine.

Bhí mé chaillte agus bhí frustrachas ag teacht orm... ach ansin, lá éigin nuair a bhí póit an domhan orm tar éis bainis... sheol mé giolc Gaeilge amach as mo iphone... agus bhuail smaoineamh dom... d'fhoghlaimeoinn gach lá ar Twitter. Bhí mé ar bís ansin... thosaigh mé ag cruthú pleananna nua, rinne mé taighde ar na Gaeltachtaí agus chinn mé ar Oideas Gael i Dún na nGall. Thosaigh mé ag insint gach duine faoi mo phleananna agus bhí sé ansin a tháinig an tideal don alt sin... bhí sé ansin a bhuail mé leis an droch-meon atá ar a lán daoine maidir leis an Gaeilge...

Bhí cúpla daoine ag rá "cén fáth atá tú ag foghlaim teanga marbh?" "bíonn an iomarca airgead caitheamh ar an teanga sin"... tá tú ag cuir do ama amú a Pheadair, a dúirt siad. Bhuel idir ansin agus anois,  bhí taithí éagsúil agam, éagsúil go hiomlán. Nuair a bhí mé san Oideas Gael, bhí daoine ann as áiteanna ar fud an domhan, as Meiriceá, an Eoraip srl... ina theannta sin nuair a d'oscail mé mo shúile agus mo chuid chluais, chonaic mé 's chuala mé Gaeilge i ngach áit.

Tá coláiste Lurgan ag canadh ar son na chroí don teanga, agus tá an-jab déanta acu. Tá comhghleacaithe in aice liom an-sásta bheith an Gaeilge a labhairt liom, agus cuidiú liom comh maith. Tá Gaeilge maith ag mo mhaimí nuair a bhíonn an t-am aici agus nach mbíonn aon bhrú uirthi, cuireann sé sin te do mo chroí go háirithe.

Ach an méid daoine atá ag labhairt Gaeilge ar Twitter ba ea an príomh-rud a cuir iontas orm. Tá go leor daoine ann, ó gach áit, ag caint, ag magadh, ag phlé... agus an rud is tábhachtach (i mo thuairim umhal) ag baint spraoí as an saol trí Gaeilge. Má tá an Ghaeilge marbh, tá siad na siúlóirí marbh, agus táim lánsásta a bheith ag siúl le chéile leo

Mar sin, má ceapann aon daoine go bhfuil an Ghaeilge marbh, tóg do cheann as do thóin agus glac pháirt san chomhrá... beidh mé ann an t-am ar fad @tweet_to_pete

(dála an scéil - táim fós ag foghlaim, agus mar sin, beidh tú in ann go leor botúin a aimseoidh anseo, ach is cuma liom, tá sé sin páirt don próiseas)

Wednesday 8 January 2014

Léirmheas don WiiU

Léirmheas don WiiU
 
Ar an Domhnaigh seo chaite, rinne mise agus mo chailín cinneadh spontáineach nuair a bhíomar san ionad siopadóireacht. Bhíomar ag smaoineamh ar Wii a cheannach ar feadh cúpla mí ach ní raibh seans againn fós, ach nuair a bhíomar sa siopa agus an spiorad Nollag orainn, agus na dathanna galánta i ngach ait, tháinig bumaite craiceáilte tharainn agus ar ala na huaire, d'íoc muid €350 ar WiiU nua... fhios agam... tá muid as ár meabhair, ach sin an fhírinne. Cheannaigh muid an pacáiste le WiiU, Super Mario Bros Wii U, agus fuair muid WiiU coisir (Wii U Party) comh maith (Tháinig rialaitheoir cluichíochta saor in aisce leis é).

Nuair a tháinig muid abhaile, bhí an-sceitimíní orainn chun ár mbréagán nua a imirt. D'oscail mé na pacáistí agus cheangail mé gach rud le chéile agus chuir mé an córas ar shiúl. I dtosach báire, bhí mé an-tógtha leis é, go háirithe an rialaitheoir cluichíochta nua, an 'gamepad'. Bhí sé an-éasca chun é a chuir ar bun agus bhí cuma deas ar an córas. Tar éis sin chinn muid chun tosú le Mario, mar sin de, chuir mé isteach an diosca agus ar shiúl linn... chonaic muid an scáileán chun tosaigh


Agus bhíomar réidh chun imirt. Mar sin de, bhrúigh mé an cnaipe ar mo rialaitheoir, agus rinne mo chailín an céanna ar a rialaitheoir. Ach cé go raibh dhá cheann againn, ní raibh muid in ann an cluiche a imirt gan Wii remote eile... bí ag smaoineamh faoi sin le haghaidh bumaite, bhí rialaitheoir eile (trí cinn) de dhíth orainn, chun Mario a imirt le dhá dhuine. Bhí díomá orm gan amhras, ach dúirt mé liom féin, tá cluiche eile againn buíochas le dia, bogaimis ar aghaidh dó.

Nuair a chuir mé Coisir WiiU isteach , tharla an rud céanna, an féidir leat a shamhlú? Consól nua a d'íoc muid €350, le dhá cluichí agus dhá rialaitheoir nua... agus ní raibh muid in ann é a imirt... tháinig fearg orm... i ndáiríre bhí mé ar buile. Anois bhí sé leath uair tar éis a seacht agus bhí gach de na siopaí dúnta... bhí éigeandáil ann, éigeandáil ollmhór. Thiomáin mé go dtí teach de mo dheirfiúr (timpeall 45 nóiméad ar shiúl) agus fuair mé wii-mote eile. Ar an dea-uair, sin deireadh de na fhadhbanna.

Faoi dheireadh, bhíomar socraithe síos agus chinn muid chun tosú le Mario (arís). Nuair a thosaigh muid ag imirt, bhí mé ag smaoineamh liom féin, tá sé seo go deas agus spraoi, ach ní raibh aon 'wow factor' ann. D'imirt muid cúpla leibhéal de Mario agus nuair d'éirigh muid bréan leis é, chuir muid 'Coisir WiiU' sa consól. Caithfidh mé a rá, ní raibh mé ag súil leis é ar chor ar bith. Ach bhí iontas ar fad orm. Cé nach raibh sé dóighiúil chun amharc air, bhain muid an-an-spraoí as. I ndáiríre, sábháil an cluiche sin an taithí WiiU dom go huile 's go hiomlán. Bhíomar ag imirt go dtí trí a chlog ar maidin!





Tá sé deacair cuir síos a dhéanamh air, níl ach a lán cluichí beag (mini games) ceangailte le chéile le scéal beag, ach is ea an bhealach atá siad ceangailte le chéile agus an úsáid atá baint as an 'gamepad' an rud is fearr. Nóiméad amháin d'fhéadfá bheith ag snámh, nó ag scaoileadh, an chéad bumaite eile d'fhéadfá bheith ag tógáil róbat, nó ag imirt cispheil. Athraíonn sé go tapa agus ní bheadh leamh ar bith ort tar éis cúpla uaire fiú.

Sa réamhrá, dúirt mé a lán drochrud faoin WiiU, ach ar dheireadh, ceapaim go raibh consól an-mhaith é. Níl sé consól do na cluichirí (ceannóidh mé PS4 go luath chun na cluichí ollmhór a imirt) ach má tá cailín agat, agus páistí b'fhéidir, dhéanfá i bhfad níos olc ná an WiiU a cheannach.

scór 7.5/10


Táimse ag foghlaim fós, agus mar sin, beidh tú in ann a lán botúin a aimseoidh anseo. Ná bac leis sin, má tá Gaeilge agat leanaim ar Twitter @tweet_to_pete, agus bí ag caint. Míle buíochas.