Friday 24 January 2014

Bialann beag nua i Ros Eó

D'oscail bialann beag nua i Ros Eo cúpla mí ó shin, bhuel tá úinéirí nua ann ar aon nós. Chuaigh mise agus mo chailín ar an Sathairn seo caite chun triail a bhaint as. Bialann beag is ea é, i bhfolach os cionn teach tábhairne ar an tSráid Mór. Chonaiceamar fógra amach ar an tsráid ag fógraíocht biachlár nua i rith na seachtain agus mar sin, ní rabhamar cinnte cad a bheith a súil.

Tá an doras chun tosaigh don bialann ar chúl an teach tábhairne, suas an staighre agus ag an am sin, níl raibh ionchais ró-mhór againn de réir mar a bhí sé ceangailte leis an teach tábhairne, bhí 'pub grub' i gceist, shíl muid. Ach chun ár n-iontas, nuair a shroicheamar an barr den staighre bhí cuma galánta ar fad as. Bhí sé sách beag, ach bhí an atmaisféar an-deas agus ní raibh na mboird ró-chóngarach le chéile. Tús maith.

Tháinig an freastalaí agus thóg sí ár n-ordaithe. Fuair mé an cáis bree mar cúrsa tosaigh agus pasta sicín mar príomhbhéile. Fuair mo chailín an chéanna mar cúrsa tosaigh agus mais veigeatórach mar príomhbhéile.... agus gan iontas bhí cúpla buidéal beoir agam agus buidéal fíon aici. Shíl mé go raibh an cáis ar fheabhas, bhí siad beagáinín éagsúla mar ní raibh sé bree clúdaithe le blúiríní arán, ach bhí siad clúdaithe le taosrán, ceaptar 'spring roll' le cáis. Faraor, ní raibh mo chailín comh sásta ná liomsa, mar ní riabh aon cáis isteach i dtrí cinn a fhuair sí, mí-tógtha a bhí sí.

Bhlas mo phríomhbhéile agus príomhbhéile de mo chailín an-deas agus bhíomar lánsásta leis an seirbhís, bhí an freastalaí fíor-cairdiúil agus fuaireamar cúpla blastóireacha ón cócaire idir na cúrsaí, bhí sé sin rud maith. Tar éis an béile deas, chuamar síos an staighre go dtí an teach tábhairne agus ba fhéidir mo chailín a fíon a thug léi, rud maith arís.

Mar chonclúid, bhí mé lánsásta leis an oíche. Iontas iontach a bhí an, i bhfolach ar an tSráid Mór.

Scór: 8/10

No comments:

Post a Comment