Wednesday 29 January 2014

Ag Dul in Olcas

** Fógra** Is é an bhlag sin mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe.

Léirmheas Ag Dul in Olcas






Ar an chéad dul síos, ná bí buartha, níl aon spoilers anseo!

Thosaigh mé ag breathnú ar 'Ag Dul in Olcas' trí mí ó shin agus chríochnaigh mé díreach tar éis an Nollag. Breathnaigh mé ar 78 eachtra i dtimpeall trí mhí, sin ag rá rud éigin. Nuair a thosaigh mé ag breathnú air, d'aithin mé ar an toirt go raibh sé thar barr, rug an scéal orm leis an chéad eachtra agus ní raibh mé ann stopadh! Dála an scéil, is é an sraith seo an sraith in aonar a breathnaigh mé go dtí an críoch riamh.

Scéal an-aisteach atá ann, agus d'fhéadfá a rá go bhfuil sé seafóid ar páipéar, ach tá sé a mhalairt ar an scáileán. Mar a dúirt mé ag an tús, ní aimsíonn tú aon spoilers anseo, ach is leor a rá go bhfaigheann an príomhcharachtar amach go bhfuil sé tinn agus mar sin, tá air, rud éigin a dhéanamh chun níos mó airgead a fháil. Glacann sé páirt in a lán rud chun an airgead a fháil agus de réir a chéile, tabhair sé a teaghlaigh agus gach daoine eile in éineacht leis. Leanann an scéal ar aghaidh ó anseo agus bhíonn a lán cásanna dochreidte i rith na sraitheanna. Tar éis sraith a haon, beidh grá duit do na charachtair go léir agus mar sin tosóidh an scéal a dul i bhfeidhm ort níos mó agus níos mó le gach eachtra. Má tá rud éigin olc a rá leis an sraith, bhí séasúir a trí an cheann is measa, tá sé go han-mhaith freisin, ach níl sé comh maith ná na ceithre cinn eile.

Chuala mé ag an am go rinne siad séasúir a chúig nuair a d'aithin siad cé comh cáiliúil a bhí sé, má bhíonn mé ag iarraidh rud eile diúltach a rá i dtaobh an sraith, caithfidh mé a rá go bhfuil sé sin soléir... ach arís, níl sé sin rud olcas. Sílim go bhfuil séasúir a chuig an cheann is fearr sa sraith. Is é Ag Dul in Olcas an sraith is fearr ar Netflix, gan amhras. Bainfidh tú an-sult as, i ndáiríre, tá rabhadh agam daoibh, má tosaíonn sibh ag breathnú air, abair slán do do shaol :)

Scór 10/10

Dála an scéil, tá t-éine 'Ag Dul in Olcas' ar fáil anseo as Gaeilge

No comments:

Post a Comment