Thursday 9 January 2014

Na Siúlóirí Marbh



Thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge timpeall dhá bhliain is leath ó shin. Ag an am sin, chuaigh mé go dtí cúpla ranganna Gaeilge i meánscoil sa tuaisceart Baile Átha Cliath. Bhí gach rud ar dul go breá 's mhothaigh mé go raibh mé ag éirí go maith 's ag ath-cheangail le mo shean-teanga.

Tar éis bhliain amháin, thug mé faoi deara nach raibh mé ag foghlaim ach oiread ná mar ba choir dom. Bhí orm rud éigin a dhéanamh sula chaill mé suim san dtionscnamh beag a bhí agam. Bhain mé triail as go leor nithe, thosaigh mé ag léamh Foinse (www.foinse.ie) gach lá. Ach thug mé faoi deara go han-tapa nach raibh mé in ann é a tuiscint dóthain. Bhí na altanna an-suimiúil ach bhí na gramadach agus na focail ró- deacair dom ag an am. Tar éis sin, chaith mé bhliain eile ag dul go dtí mo ranganna agus ag scríobh dialann gach lá. Tá fhios agam, tá fhios agam... tá cuma an-leadránach ar sin... agus bheadh ceart agat... bhí sé fíor-leadránach gan amhras, agus mar sin d'éirigh mé as tar éis cúpla seachtaine.

Bhí mé chaillte agus bhí frustrachas ag teacht orm... ach ansin, lá éigin nuair a bhí póit an domhan orm tar éis bainis... sheol mé giolc Gaeilge amach as mo iphone... agus bhuail smaoineamh dom... d'fhoghlaimeoinn gach lá ar Twitter. Bhí mé ar bís ansin... thosaigh mé ag cruthú pleananna nua, rinne mé taighde ar na Gaeltachtaí agus chinn mé ar Oideas Gael i Dún na nGall. Thosaigh mé ag insint gach duine faoi mo phleananna agus bhí sé ansin a tháinig an tideal don alt sin... bhí sé ansin a bhuail mé leis an droch-meon atá ar a lán daoine maidir leis an Gaeilge...

Bhí cúpla daoine ag rá "cén fáth atá tú ag foghlaim teanga marbh?" "bíonn an iomarca airgead caitheamh ar an teanga sin"... tá tú ag cuir do ama amú a Pheadair, a dúirt siad. Bhuel idir ansin agus anois,  bhí taithí éagsúil agam, éagsúil go hiomlán. Nuair a bhí mé san Oideas Gael, bhí daoine ann as áiteanna ar fud an domhan, as Meiriceá, an Eoraip srl... ina theannta sin nuair a d'oscail mé mo shúile agus mo chuid chluais, chonaic mé 's chuala mé Gaeilge i ngach áit.

Tá coláiste Lurgan ag canadh ar son na chroí don teanga, agus tá an-jab déanta acu. Tá comhghleacaithe in aice liom an-sásta bheith an Gaeilge a labhairt liom, agus cuidiú liom comh maith. Tá Gaeilge maith ag mo mhaimí nuair a bhíonn an t-am aici agus nach mbíonn aon bhrú uirthi, cuireann sé sin te do mo chroí go háirithe.

Ach an méid daoine atá ag labhairt Gaeilge ar Twitter ba ea an príomh-rud a cuir iontas orm. Tá go leor daoine ann, ó gach áit, ag caint, ag magadh, ag phlé... agus an rud is tábhachtach (i mo thuairim umhal) ag baint spraoí as an saol trí Gaeilge. Má tá an Ghaeilge marbh, tá siad na siúlóirí marbh, agus táim lánsásta a bheith ag siúl le chéile leo

Mar sin, má ceapann aon daoine go bhfuil an Ghaeilge marbh, tóg do cheann as do thóin agus glac pháirt san chomhrá... beidh mé ann an t-am ar fad @tweet_to_pete

(dála an scéil - táim fós ag foghlaim, agus mar sin, beidh tú in ann go leor botúin a aimseoidh anseo, ach is cuma liom, tá sé sin páirt don próiseas)

2 comments:

  1. Ceap me go raibh an alt sin go hiontach ar fad. Mar tu fein chuaigh me ar ais chun feabhas a chur at mo chuid Gaeilge an blian seo chaite i mBAC. Anois táim I mo chonaí I londain agus an tseachtain seo chugann beidh me ag freastal ar cursa nua I Camden leis an London Irish centre. Tá twitter lán beo le gaelgorí agus foghlaimoirí mar liom fein :)

    ReplyDelete
  2. Míle buíochas a Eoin, bhí orm tús a dhéanamh! Tá twitter ar fheabhas nach ea? Ádh mór ort le do ranganna i Londain :)

    ReplyDelete