Wednesday 8 January 2014

Léirmheas don WiiU

Léirmheas don WiiU
 
Ar an Domhnaigh seo chaite, rinne mise agus mo chailín cinneadh spontáineach nuair a bhíomar san ionad siopadóireacht. Bhíomar ag smaoineamh ar Wii a cheannach ar feadh cúpla mí ach ní raibh seans againn fós, ach nuair a bhíomar sa siopa agus an spiorad Nollag orainn, agus na dathanna galánta i ngach ait, tháinig bumaite craiceáilte tharainn agus ar ala na huaire, d'íoc muid €350 ar WiiU nua... fhios agam... tá muid as ár meabhair, ach sin an fhírinne. Cheannaigh muid an pacáiste le WiiU, Super Mario Bros Wii U, agus fuair muid WiiU coisir (Wii U Party) comh maith (Tháinig rialaitheoir cluichíochta saor in aisce leis é).

Nuair a tháinig muid abhaile, bhí an-sceitimíní orainn chun ár mbréagán nua a imirt. D'oscail mé na pacáistí agus cheangail mé gach rud le chéile agus chuir mé an córas ar shiúl. I dtosach báire, bhí mé an-tógtha leis é, go háirithe an rialaitheoir cluichíochta nua, an 'gamepad'. Bhí sé an-éasca chun é a chuir ar bun agus bhí cuma deas ar an córas. Tar éis sin chinn muid chun tosú le Mario, mar sin de, chuir mé isteach an diosca agus ar shiúl linn... chonaic muid an scáileán chun tosaigh


Agus bhíomar réidh chun imirt. Mar sin de, bhrúigh mé an cnaipe ar mo rialaitheoir, agus rinne mo chailín an céanna ar a rialaitheoir. Ach cé go raibh dhá cheann againn, ní raibh muid in ann an cluiche a imirt gan Wii remote eile... bí ag smaoineamh faoi sin le haghaidh bumaite, bhí rialaitheoir eile (trí cinn) de dhíth orainn, chun Mario a imirt le dhá dhuine. Bhí díomá orm gan amhras, ach dúirt mé liom féin, tá cluiche eile againn buíochas le dia, bogaimis ar aghaidh dó.

Nuair a chuir mé Coisir WiiU isteach , tharla an rud céanna, an féidir leat a shamhlú? Consól nua a d'íoc muid €350, le dhá cluichí agus dhá rialaitheoir nua... agus ní raibh muid in ann é a imirt... tháinig fearg orm... i ndáiríre bhí mé ar buile. Anois bhí sé leath uair tar éis a seacht agus bhí gach de na siopaí dúnta... bhí éigeandáil ann, éigeandáil ollmhór. Thiomáin mé go dtí teach de mo dheirfiúr (timpeall 45 nóiméad ar shiúl) agus fuair mé wii-mote eile. Ar an dea-uair, sin deireadh de na fhadhbanna.

Faoi dheireadh, bhíomar socraithe síos agus chinn muid chun tosú le Mario (arís). Nuair a thosaigh muid ag imirt, bhí mé ag smaoineamh liom féin, tá sé seo go deas agus spraoi, ach ní raibh aon 'wow factor' ann. D'imirt muid cúpla leibhéal de Mario agus nuair d'éirigh muid bréan leis é, chuir muid 'Coisir WiiU' sa consól. Caithfidh mé a rá, ní raibh mé ag súil leis é ar chor ar bith. Ach bhí iontas ar fad orm. Cé nach raibh sé dóighiúil chun amharc air, bhain muid an-an-spraoí as. I ndáiríre, sábháil an cluiche sin an taithí WiiU dom go huile 's go hiomlán. Bhíomar ag imirt go dtí trí a chlog ar maidin!





Tá sé deacair cuir síos a dhéanamh air, níl ach a lán cluichí beag (mini games) ceangailte le chéile le scéal beag, ach is ea an bhealach atá siad ceangailte le chéile agus an úsáid atá baint as an 'gamepad' an rud is fearr. Nóiméad amháin d'fhéadfá bheith ag snámh, nó ag scaoileadh, an chéad bumaite eile d'fhéadfá bheith ag tógáil róbat, nó ag imirt cispheil. Athraíonn sé go tapa agus ní bheadh leamh ar bith ort tar éis cúpla uaire fiú.

Sa réamhrá, dúirt mé a lán drochrud faoin WiiU, ach ar dheireadh, ceapaim go raibh consól an-mhaith é. Níl sé consól do na cluichirí (ceannóidh mé PS4 go luath chun na cluichí ollmhór a imirt) ach má tá cailín agat, agus páistí b'fhéidir, dhéanfá i bhfad níos olc ná an WiiU a cheannach.

scór 7.5/10


Táimse ag foghlaim fós, agus mar sin, beidh tú in ann a lán botúin a aimseoidh anseo. Ná bac leis sin, má tá Gaeilge agat leanaim ar Twitter @tweet_to_pete, agus bí ag caint. Míle buíochas.

2 comments: