Monday 20 January 2014

Léirmheas don LG 8' Táibléad

Léirmheas don LG 8' Táibléad nua.

Sheol LG táibléad nua amach díreach roimh an Nollag in Éirinn. Bhí sé ar fáil i Harvey Normans go heisiach, bhuel sin a dhúirt an freastalaí sa siopa ag an am. Mar is gnáth, chuaigh mé chun breathnú a fháil ar an toirt. Bhí dhá cheann ar taispeántas, ceann bán agus ceann dubh. Chonaic mé ar na shonruithe agus bhí mé an-tógtha, breathnaigh sé níos fearr ná an iPad nó aon táibléad Antroid eile.







Tá sé in úsáid agam anois ar feadh ceathair seachtaine agus tá an léirmheas seo bunaithe ar mo thaithí i rith an am sin.

Cuma agus braithim

Tá an táibléad láidir agus tógtha nó cur le chéile go maith. Tá cuma dhaor air, agus mothaíonn sé storrúil i do lámh. Ach ag an am céanna, tabhair sé sin deacracht amháin leis é, tá sé saghas trom comh maith, níos trom mar a cheapfá nuair a breathnaíonn tú air. Níl an meáchain fadhb mór muna a bhfuil tú ag obair air le haghaidh tamall fada. Tá cnaipe ar bith ar an aghaidh den táibléad, i ndáiríre níl ach cnaipí cumhacht agus airde air in aon chor. 

Tá an scáileán geal agus dathannach, i ndáiríre, is é ceann de na gnéithe atá is fearr ag an táibléad. Tá taispeáin iontach aige, 'full HD' mar a deir siad agus breathnaíonn gach saghas físeán agus phictiúir galánta ar fad ar an scáileán. Léim na phictiúir agus na físeán amach as.

Tá an leagan is déanaí de Android suiteáilte ar, agus leis sin agus an luas atá ag an próiseálaí, rith an táibléad go hiontach ar fad. Is é an táibléad is tapa a úsáideann mé riamh. Seachas an luas agus an scáileán galánta, tá gach gnéithe ann gur aimseofá ar Android táibléad eile.

Mar chonclúid, is aoibhinn liom an táibléad seo, tá sé níos fearr ná aon ceann Android eile agus i mo thuairim, tá sé níos fearr ná an iPad beag comh maith.

Scór 9/10

6 comments:

  1. Aontaím leis an léirmheas seo. tánn tú níos fearr as Android a fháil seachas táirge Apple.

    ReplyDelete
  2. cinnte, tá sé níos deise ag obair le Android ná Apple. Níos mó roghanna

    ReplyDelete
  3. http://indigenoustweets.com/blogs/ga/index.php bhfuil tu ar an liosta?

    ReplyDelete
  4. Táim ag triail iPad mini nua faoi láthair ach tá sé an-deacair Gaeilge a scríobh air. Cén measúnacht atá agat den LG leis an nGaeilge?

    ReplyDelete
    Replies
    1. mmm níl sé ró-olc ach ag an am céanna, is fuath liom an 'auto-correct' air. Cuimhníonn sé na focail Gaeilge, ach bíonn na focail Béarla ag barr an liosta i gcónaí, sin saghas frustrachas. Le bheith ionraic, nuair a bhíonn mé ag scríobh as G, baineann mé úsáid as mo fón (twitter) nó mo ríomhaire glúine (bhlag).

      Slán

      Delete