Tuesday 14 January 2014

Turas go Oideas Gael



 
Turas go Oideas Gael


Ar an samhradh seo caite, rinne mé chinneadh bheith dul go dtí Oideas Gael i Dún na nGall. Ag an am chuala mé a lán rudaí maith faoi. Chuala mé go bhfuil an cheantar go hálainn, go bhfuil na ranganna go hiontach agus go bhfuil an chraic thar barr san oíche. Ní raibh díomá orm ar chor ar bith, ach chun an scéal a insint, tosaím ag an tús.

Thiomáin mé ó Bhaile Átha Cliath go dtí Dún na nGall mar bhí taithí uafásach agam ar 'Bus Éirinn' cúpla mí roimhe sin, ach sin scéal eile. Bhain mé úsáid as an N2 mar bhí cuma air go raibh sé an tslí is fearr. Thiomáin mé tríd Muineacháin, agus bhí cuma an-deas ag an áit toisc go bhuaigh siad an teideal Uladh cúpla seachtain cheana.



Trasnaigh mé an teorann agus chonaic mé bratach den dhá cultúr ar mo bhealach. In Áit éigin timpeall An Ómaigh chonaic mé cúpla bratach na hAontachta ar foluain. Caithfidh mé a rá, ar an chéad uair i mo shaol, chuir sé sin míshásta orm agus mhothaigh mé saghas míchompordach. Ach níl polaitíocht i gceist, ach na rudaí a bhí ar siúl sa tuaisceart maidir leis an mbratach i mBéal Féiriste i rith an samhradh. Thosaigh mé ag smaoineamh faoi na agóidí, ach ar ndóigh, bhí gach rud ceart go leor agus lean mé ar aghaidh ar mo thuras. Níos faide síos an bóthar, chonaic mé an bratach eile ar foluain, bratach na hÉirinn, in aice le cumann peile cóngarach leis An Srath Bán.

















Nuair a shroich mé Dún na nGall, bhí turas fada agam fós, thart na sléibhte go dtí Gleann Colm Cille, mo cheann scríbe. Bhí sé sin an páirt is galánta den turas i mo thuairim umhal, thiomáin mé tríd chuid den na radharcanna is fearr ar domhan. Níor cheap mé gur gheofá níos fearr ach nuair a tháinig mé thart an sliabh agus chonaic mé an gleann do mo chéad am, ní chreidfinn mo chuid súile, bhí an radharc go hiontach ar fad. Mhothaigh mé gur chuaigh mé ar ais in am go dtí an sean-Éire agus bhí mé lánsásta leis sin.



Rinne mé mo bhealach féin go dtí an scoil agus le bheith ionraic bhí imní orm mar bhí mé in mo aonar agus ní raibh aon rud cosúil leis sin déanta agam roimh.... ach buíochas le dia, ní raibh aon gá a bheith faitíos ar bith. Bhuail mé le Liam a luaithe is a shroich mé an scoil agus thosaigh sé ag labhairt liom as Ghaeilge, níor thuig mé gach rud ach bhí sé soléir go raibh fear an cáirdiúil ab ea é. Sin tús maith, cheap mé liom féin.

Bhí an lóistín an-deas, ach ní raibh a lán Gaeilge ag an bhean an tí faraor . Seomra beag, compordach a bhí an, le radharc iontach... bhuel más maith leat madra agus scioból, bhí an radharc iontach :)

Ar an chéad maidin, shiúl mé síos an bóthar go dtí na ranganna agus níorbh fhios agam cad a raibh romham. Cuimhnigh, níl aon Gaeilge déanta agam ó bhí mé sa scoil. Ach ar an dea-uair bhí na ranganna go hiontach. Bhí Áine (cheapaim) ag múineadh linn agus bean an-suimiúil, cairdiúil agus cuideachtúil ab ea í. Bhí sí as an cheantar agus d'inis sí scéalta deas faoin áit, scéal faoi na hiascaire na háite agus a lán rud eile mar sin. Má tá tú ag smaoineamh faoi turas go dtí an Gealtacht, Ní mholfainn Oideas Gaeil go leor... tá sé ar fheabhas. Níor díriú sí ar gramadach nó aon rud leadránach mar sin, bhí na ranganna suaimhneach agus compordach, bhíomar ag caint agus déanamh tascanna éagsúlachta gach lá... agus an rud is tábhachtach, bhíomar ag foghlaim i ngan fhios.

Anois lean mé ar aghaidh go dtí an rud is tábhachtach, teach Roarty's... an áit is fearr sa domhan :) Chuaigh muid ann gach oíche agus bhain muid an-spraoi as, bhí ceol agus craic ann, ceol agus ól mar a dúirt muid ag an am. Ach arís, bhíomar ag caint as Gaeilge agus ag foghlaim i ngan fhios. Muna bhfuil PhD le dhéanamh an samhradh seo chugainn agam, bheadh mé ag dul ar ais gan amhras.

No comments:

Post a Comment