Monday 3 February 2014

Ar NÓS na ghaoithe

logo

** Fógra** Is é an bhlag sin mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe.

Ar NÓS na ghaoithe

Sin an smaoineamh a rith liom an chéad uair a chonaic mé an iris NÓS. D'fhoghlaim mé abairt nuair a bhí mé sa bunscoil, "rith sé ar nós na ghaoithe" agus tá sé i m'aigne fós... ar aon nós, seachas mo cuimhní, tá an blagmhír seo i dtaobh an iris NÓS.

http://www.nosmag.com/

Is dócha gur chonaic mé íomhánna agus píosaí eolas faoi NÓSmag ar an idirlíne, ar Twitter agus anseo is ansiúd i rith na blianta ach níor thug mé aon aird dóibh ar dtús. Ní raibh sé go dtí thosaigh mé ag éisteach le na podcasts "blás" cúpla mí ó shin agus chuala mé Tomaí ag caint faoi rudaí... De réir a chéile cheangail mé na poncanna le chéile agus d'aithin mé go raibh cuid de na daoine ar blás, bainteach le NÓS mag comh maith. Shíl mé liom féin, bhuel tá an caighdeán an-ard ar blás, is dócha go bhfuil sé mar an gcéanna le NÓS mag. D'imigh cúpla mí gan aon gníomh liomsa, mar is gnáth :)... ach lá amháin nuair a bhí mé ag iarraidh m'obair a sheachaint, chuaigh mé ar an idirlíne agus chláraigh mé ar an suíomh NÓS mag. Rinne mé dearmad air, go dtí tar éis an Nollaig nuair a thosaigh mé iomrá de na eagrán nua a fheiceáil ar Twitter, ansin bhí imní orm nach chláraigh mé ceart ar an suíomh toisc nach raibh cóip agam. Sheol mé giolc leo ar Twitter ag iarraidh eolas ach tháinig mo chóip an lá dar gcionn. Tháinig sé sa phost, nach áisiúil é sin :)

Caithfidh mé a rá, an chéad rud a thug mé faoi deara, an ard-caighdeán a raibh ar an iris... na íomhánna, an páipéar, na dathanna agus gach rud eile. An oíche sin, rinne mé cupán deas tae, agus shuí mé mo thóin ar an tolg, bhí mé réidh chun tosaigh.  Tosaíonn an eagrán le réamhrá ó Tomaí ó Conghaile ag labhairt i dtaobh na dúshláin agus na féidearthachtaí don Ghaeilge faoi láthair agus ag tabhairt buíochas do gach duine a thug cuidiú leo i rith na bliana. Tá an eagrán plódaithe le sár-ábhair ó clúdach go chlúdach, tá píosa ann ag scríobh léirmheas ceol, agus scannáin, tá roinnt cúrsaí reatha ann ag plé na rudaí is tábhachtach mar shampla Nelson Mandela, mar gheall fuair sé bás, meán sóisialta agus a lán nithe eile suimiúil.

Mar foghlaimeoir, tá sé saghas deacair bheith chuile rud a léamh, níor thuig mé gach rud ach fuair mé an 'gist' de gach scéal, ina theannta sin, níl na scéal ró-fhada agus mar sin, bhí mé in ann píosa beag a léamh gach oíche, mar sin níor d'éirigh mé tuirseach nó frustrachais leis na focail deacair.

Má tá tú ag iarradh rudaí suimiúil a léamh as Gaeilge, ní rachfá cearr leis an iris seo.

Scór 10/10 

No comments:

Post a Comment