Wednesday 19 February 2014

Dearg le fearg

Dearg le fearg

** Fógra** Is é an bhlag sin mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe




Dearg le fearg

Sin an glaoch atá screadta amach ag na daoine Gael i mBaile Átha Cliath ar an 15ú Feabhra, an Sathairn seo caite.

Bhí mé ann, chuaigh mé i m'aonar, agus níorbh fhios agam cad a bheith ag dúil, bhí sé mo chéad agóid go deo agus nuair a bhí mé ag siúl suas Sráid Parnell, bhí mé sách faiteach. Bhí mé ag smaoineamh cé mhéid duine a bheadh ann, cén sórt daoine, an mbeadh ach cúpla daoine ann?

Mar a bhí mé a siúl suas an tsráid, chonaic mé an slua i bhfad i gcéin, agus bhí cuma go raibh a lán daoine ag siúl i dtreo céanna. Beidh muid ceart go leor, a dúirt mé liom féin, beidh go leor daoine ann chun agóid maith a dhéanamh, agus níl mé ag cuir mo am amú!

Bhuel, bhí an ceart ar fad agam, nuair a shroich mé an Gairdín Cuimhneacháin, bhí slua ollmhór romham, agus bhí sé ag fós ag fás... agus ina theannta sin, bhí an t-atmaisféar go hiontach, bhí chuile sórt fógra ann, daoine lena n-aghaidheanna péinteáilte, drumaí ag seinneadh, agus daoine gléasta suas. Tá neart phictiúir ar fáil ar leathanach facebook Conradh na Gaeilge

Shiúl muid go dtí Sráid í Conaill agus bhí an radharc ar fheabhas ansin, bhí an sráid lán ó bun go bharr le daoine Gael, níor thig liom mo shúile a chreidiúint. Rinne mé mo bhealach le na siúlóirí eile agus bhuail mé le cúpla duine a bhí aithne agam. Mar shampla, bhuail mé le chara de mo mhamaí agus comhrá deas againn le cheile.Nuair a shroicheamar an ardán ag deireadh an siúl, bhí an radharc dochreidte, bhí an tsráid plódaithe le daoine, daoine le ghrá don Gaeilge faoi leith. Bhí Ronan ó RnaG ag scread amach a glaoch "dearg, dearg, dearg le fearg" agus bhí an lucht féachaint ag freagra dó... mar tá a lán daoine dearg le fearg leis an rialtas agus an méid cur amú déanta acu leis an teanga. Ach ní raibh an braith fearg an braith is láidir a bhí ann, i mo thuairim umhal, ach braith bróid, braith grá den teanga, agus braith oibriú le chéile... agus mar a bhí mé ag siúl uaidh le Seo Linn ag canadh amach os ard, bhí mo chroí lánsásta leis an lá agus ríméadach go bhfuil mé ag foghlaim ár teanga féin.

Neart le chéile a chairde

3 comments:

  1. ba cheart duit dul i dteagmháil liom - agus cupán caife a ól tar eis na hagóide! An ceart agat - lá iontach a bhí ann

    ReplyDelete
  2. Fhios ach rinne mé dearmad go bhfuair mé d'uimhir! Feicfidh mé thart an ollscoil go luath thú?

    ReplyDelete
  3. an tseachtain seo, Déardaoin, déarfainn

    ReplyDelete