Friday 28 February 2014

11 - Teach Cartaí

House of cards



** Fógra** Is é an bhlag sin mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe


Nuair a chríochnaigh mise agus mo chailín Breaking Bad cúpla seachtain ó shin (aghaidh brónach) bhíomar idir dhá comhairle idir 'House of Cards' agus 'Orange is the new black'. Breathnaigh muid ar dhá réamhfhógraí agus th'éis an sraith saghas dáiríre ab ea Breaking Bad, bhí muid ag smaoineamh ar thaobh 'Orange is the new black' ach bunaithe ar comhairle ó Twitter, bhí athrú meoin againn, agus thosaigh muid le 'House of Cards'.

I dtosach báire , beidh mé ag caint i dtaobh séasúir a haon sa blagmhír seo (cé go bhfuil muid tugtha do séasúir a dhó faoi láthair).  Go dtí seo, tá muid ríméadach leis an cinneadh a rinne muid. Is é séasúir a haon den sraith seo ar fheabhas. Cinnte, tosaíonn sé sách mall, ag tógáil na carachtair agus an scéal, ach th'éis eachtra a trí nó a ceathair, éiríonn an scéal i bhfad níos tapa.

Tá an scéal, fíor-polaitíocht, gach daoine ag iarradh cumhacht a fháil, agus duine amháin, Frank, an príomh-carachtar, toilteanach aon rud a dhéanamh chun an cumhacht sin a fháil. Ar dtús, níl sé an-soiléir cén saghas fear atá Frank, tá cuma glic agus greannmhar air, ach céim ar chéim d'aithin tú go raibh fear an-leithliseach i gceist. Ach ní scriosfaidh mé an scéal duit...

Má rud amháin olc le rá agam i dtaobh séasúir a haon, bheadh sé faoin eachtra is deireadh, is é mo bharúil go bhfuil frith-bhuaice ar fad ann... ach is é séasúir a dhó i bhfad níos fearr, fan go bhfeice tú...

Scór 8/10

No comments:

Post a Comment