Wednesday 5 March 2014

12 - Man of Steel

Fear Cruacha

** Fógra** Is é an bhlag sin mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe

Mar gheall an mhéad obair atá le déanamh agam agus ag mo chailín, rinneamar cinneadh ag an deireadh seachtain, a bheith oíche chiúin acu. Mar sin d'oscail mé Apple TV agus thosaigh mé ag brabhsáil tríd na scannán atá le fáil ar an seirbhís. Thaitin cúpla cinn dom, ach beagnach ag deireadh an liosta, chonaic mé 'Man of Steel' agus chuimhnigh mé mo rúin chun breathnú air, cúpla mí ó shin. Bhí muid réidh... ach... i ngeall ar an fíoras go gcónaím beagán faoin tuath, bheadh muid ag fanacht le fada an t-am go dtí go mbeadh muid in ann é a breathnú... féach ar an pictiúr...



Mar sin, an lá dar gcionn, bhreathnaigh muid ar an scannán, ní chuireann an scéal sin isteach ar an scór!

Ní raibh mé ag dúil oiread as an scannán mar níor chuala mé a lán tuairiscí ag an am a sheoladh sé. Bhí iontas shéimh orm. Thosaigh go han-tapa é, chun an cúl-scéal a insint ar an pláinéad Cripton. Bhí na maisíocht iontach ar fad agus an domhan a bhí cruthú, an-samhlaíocht. Th'éis an réamhrá, moilleann an scéal síos beagáinín, chun an príomh-charachtar a cuir in aithne don lucht féachaint. Is dócha go bhfuil fhios ag beagán gach duine an scéal 'superman' agus níl iontais ar bith sa scannán seo maidir leis an fear, ach is ea an dorchadas den scéal, rud atá sách iontas ina thaobh. Chuimhnigh mé na sean-leagan agus scannáin an-cheesey ba ea iad, ach níl sé mar an gcéanna leis na ceann nua. Dar liom go bhfuil an fócas ar gníomh, maisíocht agus an tosc 'wow'. Má tá tú ag iarraidh scannán le scéal dhomhain, nó carachtair neamhchoitianta, beidh díomá ort, ach má tá tú ag iarraidh scannán gníomh, spraoi agus corraitheacha, beidh tú an sásta leis an ceann seo...

Ní déarfainn go bhfuil an sár-laoch scannán is fearr riamh é, ach tá sé níos fearr ná cúpla de na cinn a raibh sheolta le déanaí.

Scór 8/10

No comments:

Post a Comment