Friday 14 March 2014

14 - YouTube Video Editor

You Tube Video Editor   

** Fógra** Is é an bhlag seo mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe




Cosúil le beagnach chuile duine ar domhain, tá cur amach agam ar YouTube mar córas físeán. Is minic go mbíonn nasc fís greannmhar nó polaitíocht seolta chugam, agus uaireanta bíonn an iomarca uaire chaite agam ag breathnú ar fís th'éis fís i dtaobh stair nó nádúir. Ar an bhliain seo chaite (nó an bhliain roimhe sin) thosaigh mé ag bhaint úsáid as cúpla fís-eagarthóir chun físeanna a dhéanamh le mo mhic léinn, bhain mé triail as 'Movie Maker', 'Animoto' 'iMovie' agus cúpla ghléas déanta 'giff' chomh maith. De réir mar atá sé saor in aisce, agus ar fáil ar an idirlín, shocraigh mé ar YouTube le haghaidh an bhliain seo.

Ar an chéad dul síos, caithfidh mé a rá go bhfuil sé an-shimplí chun úsáid a bhaint as. Níl ach cúpla tréithe ar fáil agus tá siad sách éasca agus soiléir. Ach, is anseo atá an fadhb comh maith. Ar uairibh, tá an córas ró-bunúsach agus tá teorann ann leis an méid atá indéanta leis an bogearra. Mar shampla, níl tú in ann 'voice overs' nó do chuid ceol féin a chuir isteach sna físeanna. An dara rud, níl tú in ann, físeanna ó YouTube a chuir isteach i do fhíseanna féin, gan iad a uaslódáil do do chuntas féin i dtús báire. 

Seachas na fadhbanna seo, tá a lán buntáiste leis an bogearra. Tá sé fíor-éasca a úsáid agus chun múineadh do na mhic léinn, agus mar sin tá tú in ann díriú ar an ábhar nó an próiseas in ionad an teicneolaíocht. Comh maith leis sin, tá sé éasca é a úsáid le grúpaí mór, agus nuair atá siad críochnaithe, níl ach 'click' amháin riachtanach, agus beidh a bhfíseán suas ar an idirlín.

Dar liom gur chóir leat dhá rud a bhrath. Is é an chéad rud, an saghas mic léinn atá á déileáil agat, is é an dara rud, an méid am atá agat chun an tionscnamh a dhéanamh. Má tá a lán am agat, braith ar bogearra níos casta, mar shampla 'Movie Maker' nó 'iMovie' mar tá i bhfad níos mó tréithe agaibh. Má tá tú ag iarraidh bogearra chun tionscnamh beag a dhéanamh, dhéanfá níos measa ná YouTube.


Ar aon nós, ádh mór ort, agus bain taitneamh as an próiseas. I mo thaithí, taitníonn na ceachtanna foghlaim seo go mór do na mhic léinn.

Ba chóir dom a rá - is foghlaimeoir mé agus i gcónaí ag lorg cuidiú agus comhrá. Bíonn mé ag cleachtadh ar Twitter gach lá... lean @tweet_to_pete más maith leat

No comments:

Post a Comment