Timpiste réidh le tarlú
** Fógra** Is é an bhlag seo mo thuairimí féin, agus ina theannta sin, níl na altanna ach bealaí chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Mar sin, bíonn siad go léir gearr agus díreach go dtí an phointe
Ceann de na leabhair le haghaidh foghlaimeoirí fásta i gceist anseo, agus tá sé ar fáil sa siopa gaeilge anseo http://www.siopagaeilge.ie/index.html
Is scéal bleachtaire á insint ag an údar sa leabhar seo, ach saghas éagsúla, mar táimid ag caint faoi bleachtaire príobháideach agus é ag iarraidh níos mó airgead a fháil. Tá cúpla téamaí le feiceáil sa scéal seo, téama teaghlach, téama airgead, téama bagairt agus bréagach, agus meascán leis sin, téama i dtaobh duine ó páirt amháin den pobail na hÉirinn ag dul in aithne le daoine ó pháirt eile.
Tá cumas iontach ag an údar chun an suíomh a chuir síos a oiread is a bhfuil tú in ann an fhearthainne a mhothú ar do craiceann féin agus an príomh-charachtar ag siúl síos na sráideanna mBaile Átha Cliath. Tá cumas aige cuir síos ar na carachtair comh maith, tá tú in ann pictiúr a chruthú den carachtair go léir, go háirithe 'Bertie' agus 'Gertie' na droch-daoine sa scéal.
Níl an scéal ró-chasta, tá fiosrúchán díreach tar éis tosú ag 'John' an príomh-charachtar, agus é ag iarraidh cúpla pingin, tá cuma an-shimplí ar an fiosrúchán ag an tús. Bhí daoine ag bhagairt Bertie agus a chomhlacht agus bhí ar John an praiseach a dheisiú... ach th'éis cúpla chaibidil éiríonn sé soiléir nach bhfuil gach rud mar a deir Bertie. Tar éis sin, tosaíonn an scéal ag cor agus ag casadh agus tá sé i bhfad níos fearr mar gheall é.
Tá an cúpla chaibidil is deireadh na cinn is fearr sa leabhar, ach i mo thuairim, tá an críoch sách lag... i ndáiríre críochnaíonn an leabhar roimh an chaibidil is deireadh. Seachas é sin, is leabhar iontach é 'Timpiste réidh le tarlú'.
Scór 7/10
Ba chóir dom a rá - is foghlaimeoir mé agus i gcónaí ag lorg cuidiú agus comhrá. Bíonn mé ag cleachtadh ar Twitter gach lá... lean @tweet_to_pete más maith leat
No comments:
Post a Comment