Saturday 10 May 2014

22 - inFAMOUS: Second Son Léirmheas

Sa bhlagmhír roimhe seo, scríobh mé léirmheas den PS4 agus dúirt mé ag an am gur dhéanfainn an rud céanna le inFAMOUS: Second Son a luath is a chríochnaigh mé é. Bhuel, tá sé críochnaithe agam anois agus mar sin, tá sé in am léirmheas beag a scríobh ina thaobh.


Is é an cluiche ríomhaire seo an triúir cheann sna sraith 'inFAMOUS', bhí dhá ceann ar an PS3 comh maith. Chun struchtúr maith a chuir ar an léirmheas, scríobhfaidh mé mo thuairimse faoi trí cheannteideal: scéal, imeartha agus cur i láthair.

Scéal:

An chéad rud ba chóir dom a rá ná, is cuma muna d'imir tú an chéad cluiche, nó ceachtar de na cluichí roimhe seo. In ndáiríre agus sin ráite, ní cuimhin liom céard a tharla sna cluichí sin. Scéal fíor-coitianta atá i gceist anseo. Buachaill ó baile beag ag déanamh a ghnó dó féin agus gan rabhadh tharraingt isteach go scéal ollmhór. Roimh fhad, tá tú bainteach i gcogadh mór idir na 'Conduits' agus DUP (bhain mé an-spraoi as an t-ainm seo).


I rith an scéal casann tú le cúpla 'conduits' eile agus cloiseann tú a gcuid stair agus an bealach a fhuair siad a gcumhachtaí faoi leith. Tá cúpla de na startha sách suimiúil ach arís, i gceann cúpla seachtaine, beidh siad dearmadta agat gan amhras. Oibríonn siad lena gcéile chun an DUP a stopadh agus tá an fheachtais briste suas i bpíosaí beag. Chun dul i ngleic leis an fheachtais, troideann tú trí go leor criosanna, nó páirteanna den cathair. Gach cúpla criosanna, tá saoiste ollmhór chun mharú agat, agus tá siad sin na buaicphointí den scéal agus den cluiche. Cé go bhfuil gnáth-scéal ann, tá sé rud beag suimiúil ag an am céanna toisc go bhfuil cúpla corr nach bhfeice tú ag teacht.

Imeartha


Lig dúinn bheith ionraic linn féin, nuair a cheannaíonn tú cluiche ríomhaire cosúil le INfamous: Second son, níl tú ag dúil dráma agus mothúchán, tá gníomh agus corraitheach uait. Leis sin ráite, ní bheidh díomá ort má ceannóidh tú an cluiche seo. Tá imeartha den chéad scoth sa cluiche, tá sé éasca, nádúrtha agus taitneamhach chun do charachtar a bhog timpeall an domhan, cuireann sé meascán idir 'Grand Theft Auto' agus 'Crackdown' i gcuimhne dom. Bainfidh tú a lán spraoi as na cumhachtaí a gheobhaidh tú i rith an cluiche ach dá mbeadh gearán amháin agam bheadh sé gur thosaigh na cumhachtaí ag mothú mar an gcéanna th'éis na chéad chúpla cinn.


Cé go bhfuil an imeartha den scoth, tá sé den scoth amháin nuair atá rudaí suimiúil le déanamh agus seo é an fadhb eile leis an cluiche seo. Tá cuid is mó de na príomh-tascanna an-mhaith ach, i mo thuairim umhal, tá an iomarca tascanna leadránach ann freisin. Lig dom sampla a thabhairt duit... i ngach crios caithfidh tú rudaí cosúil le 'gabh an fear seo' nó 'aimsigh an rud sin' agus cé go bhfuil siad suimiúil an chéad am, éiríonn siad leadránach th'éis and tríú nó an ceathrú am.

Grafaicí
Is é sin an rud, gan amhras ar bith, a tabharfaidh tú faoi deara a luath is a cuirfidh tú an cluiche ar súil. Tá na grafaicí ar fheabhas ar fad, i bhfad níos fearr ná aon rud atá feicthe agam ar an PS3 nó an Xbox 360 riamh... tá sé deacair mo mhéar a chuir air go díreach (i mBéarla, gan trácht trí nGaeilge!), ach tá an phictiúr an-soiléir, an-mion agus breathnaigh siad cosúil le físeáin ó am go h-am.


Cé nach bhfuil sé an cluiche is fearr a d'imir mé riamh, is fiú an t-airgead é, go háirithe mar gheall ar an easpa cluichí atá ar fáil ar an PS4 anois.

Scór 8/10

Ba chóir dom a rá - is foghlaimeoir mé agus i gcónaí ag lorg cuidiú agus comhrá. Bíonn mé ag cleachtadh ar Twitter gach lá... lean @tweet_to_pete más maith leat

No comments:

Post a Comment