Saturday 24 May 2014

23 - Ciorcal Comhrá


Beagnach bliain ó shin thosaigh mé ag dul go dtí ciorcal comhrá i Sord i dtuaisceart Átha Cliath, ag an am, níorbh mórán Gaeilge agam (cé nach bhfuil sí ag pléascadh as mo bhéal anois ach an oiread!) agus mar sin, bhí faitíos orm chun labhair amach í os ard. Bhí cúpla leabhar léite agam, cúpla tweets seolta agam agus dhá bhliain sa meán rang curtha i gcrích. Comh maith leis sin bhí dhá thuras go dtí Oideas Gael curtha in áirithe, mar sin shíl mé liom féin go raibh sé in am dul amach agus í ag cleachtadh.

Ní chuimhin liom anois cá aimsigh an uimhir mé, ach aimsigh mé í ar aon nós agus chur mé glaoch ar an eagraitheoir. Is cuimhin liom go soiléir é, mise ag coisíocht suas agus síos an chistin agus an guthán ag ceolánach, ag smaoineamh chun an rud ceart a rá agus ag déanamh iontas cén saghas comhra a bheidh ann. Níorbh gá eagla orm maidir leis an comhrá, bhí an eagraitheoir an-cairdiúil agus an-spreagúil agus dúirt sé liom "ná bí buartha, tar anseo go dtí an teach tábhairne, beidh fáilte mhór romhat".

An chéad Céadaoin seo chugainn, chuaigh mé ann agus ba é seo an chéad rud a chonaic mé


Tús maith, mar a déarfá. An oíche sin, níorbh ach mise agus dhá fhear eile ann, bhíos an-sásta leis sin toisc go raibh sé i bhfad níos éasca ná seomra plódaithe le daoine. Le bheith ionraic, bhí sé deacair ag tús an oíche chun chuir focal amháin tar éis focal eile agus ar feadh tamall mhothaigh mé go raibh mé i dtír eile agus na leaideanna ag caint sínis! Ach de réir a chéile (mo bhuíochas do na phiontaí Guinness), ghlac mé mo shuaimhneas agus thosaigh na focail ag sní. Bhí an oíche neamh-foirmiúil go hiomlán agus chas an comhrá ó spóirt go bpolaitíocht agus chláir teilifís. Thug muid neamhaird don foclóir agus rialacha gramadach agus ba ea comhrá agus spraoi na rudaí is tábhachtaí san oíche sin.

Thar na seachtaine, chuaigh mé ar ais arís is arís agus chuir mé in aithne go han-mhaith ar cúpla de na daoine. Téim comh minic agus is féidir liom agus anois tá sé cosúil le dul go dtí an teach tábhairne le cúpla de mo chairde. Mar foghlaimeoir, mholfainn go hiomlán dul i mbainteach le ciorcal comhrá má tá seans ar bith agat. Cé nach mbaineann muid aon úsáid as foclóir nó rudaí mar sin, foghlaimím a lán rud. Ar an gcéad dul síos, cuireann sé feabhas ar mo chumas comhrá, caint agus éisteacht. An dara rud, má d'fhoghlaim mé aon rud nua i rith na seachtaine, táim in ann é a chleachtadh agus caithfidh mé a rá arís, táim in ann é a chleachtadh gan aon bhrú nó strus. Ach is aoibhinn liom an féinmhuinín a fhaighim as mo chuid Gaeilge a chleachtadh amach san pobal, sin an rud is tábhachtaí domsa.

Ba chóir dom a rá - is foghlaimeoir mé agus i gcónaí ag lorg cuidiú agus comhrá. Bíonn mé ag cleachtadh ar Twitter gach lá... lean @tweet_to_pete más maith leat

1 comment:

  1. A bhuíochas leis an fear mór seo ar a dtugtar an Dr Agbazara an t-aisteoir litrithe mór a thugann an t-áthas ormsa ag cuidiú liom mo mhuintir a thabhairt ar ais a bhriseadh suas liom Ceithre mhí ó shin ach anois le cabhair ón Dr Agbazara an grá mór caster. Gabhann gach buíochas leis, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis freisin chun cabhair a fháil má theastaíonn uaidh é in amanna Trioblóidí trí: ( agbazara@gmail.com ) is féidir leat Whatsapp a dhéanamh ar an uimhir seo +2348104102662

    ReplyDelete